An difríocht idir athruithe ar: "Grianghaoth"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 14:
 
Agus iad á scaipeadh amach ón ngrian, cruthaíonn na cáithníní grianghaoithe réigiún ar leith timpeall na Gréine agus an ghrianchórais - réigiún a dtugtar [[héilisféar]] air. Is é an [[héileastad]] teorainn an héilisféir. Ar imeall an héilisféir atá an héileathruaill. Is í an héileathruaill an chuid den héilisféar atá faoi thionchar na sruthanna sa mheán idir-réaltach, ionas nach bhfuil sí sféarúil a thuilleadh. Sa chuid inmheánach den héilisféar, tá an ghrianghaoth ag gluaiseacht go gathach i ngach treo. San áit a mbuaileann an ghrianghaoth faoin héileathruaill cruthaítear tonnta turrainge, agus tugtar [[turraing foirceanta]] ar an áit sin.
 
==Réaltghaoth==
 
[[Réaltghaoth]] a thugtar ar "ghrianghaoth" na réaltaí go ginearálta. Bíonn an réaltghaoth an-éagsúil ag réaltaí difriúla. Na fathachréaltaí dearga, bíonn siad ag cailleadh maise go tiubh agus iad ag druidim le deireadh a ré. Is minic a iompaíonn fathachréaltaí den chineál seo ina n-abhacréaltaí bána in áit pléascadh ina n-ollnóvaí, toisc go bhfuil an iomarca maise caillte acu ag an gcéim seo.
 
{{Síol-réalteolaíoch}}