An difríocht idir athruithe ar: "Grianghaoth"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 9:
Is í an ghrianghaoth is cúis leis na stoirmeacha leictreamhaighnéadacha freisin. Is féidir leis na stoirmeacha seo cur isteach ar chóras aistriú na cumhachta leictrí go tromchúiseach.
 
Cruthaítear na saighneáin agus na stoirmeacha leictreamhaighnéadacha thuas i [[maighnéadsféar]] an Domhain. Is follasach go mbíonn an ghrianghaoth ag idirghníomhú le réimsí maighnéadacha na bpláinéad eile fosta. Síntear maighnéadsféar [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatair]] chomh fada faoi bhrú na grianghaoithe agus go sroicheann sé fithis [[Satarn|Shatairn]] féin. Deirtear go bhfuil ''[[maighnéadeireaball]]'' ag Iúpatar.
 
Bíonn imthoscaí an spáis áitiúil timpeall an Domhain an-athraitheach, agus an dóigh a mbíonn an ghrianghaoth agus an réimse maighnéadach ag imirt tionchair ar a chéile. Is féidir na síorathruithe a chur i gcomparáid le hathruithe na haimsire thíos ar dhroim an domhain, agus mar sin, is minic a thagraíonn na saineolaithe don [[spásaimsir]].