An difríocht idir athruithe ar: "Kalevala"

m (roboto: de:Kalevala estas artikolo elstara)
===Fuadach an t''Sampo'': ón naoú laoi déag is fiche go dtí an ceathrú laoi is dhá scór===
 
Chuaigh Väinämöinen, Ilmarinen agus Lemminkäinen ar an mbád mór go Pohjola leis an ''Sampo'' a fhuadach. Ansin, bhuail an bád fochais nárbh fhochais í ar aon nós ach liús mór millteanach. Mharaigh an triúr an t-iasc seo, agus bhain Väinämöinen cnámh na smige as leis an chéad ''[[kantele]]'' a dhéanamh di. (Is é is ''kantele'' ann ná gléas ceoil náisiúnta na Fionlainne, agus é cosúil leis an lir.) I bPohjola dóibh, thosaigh Väinämöinen ag seinm, agus chuir a chuid ceoil muintir Pohjola ina dtoirchim suain. D'fhuadaigh siad an ''Sampo''. Ansin, áfach, mhuscail screadach na coirre móna Louhi, agus tháinig sí sna sálaí ag an triúr leis an ''Sampo'' a thógáil ar ais uathu. Ar dtús, d'ardaigh sí ceo draíochta timpeall an bháid, ionas gur chailleann an triúr a dtreo, agus ansin, tháinig sí i gclí an iolair le cath a chur faoin ''Sampo''. Sa teagmháil seo, thit an ''Sampo'' isteach san fharraige, agus níor fágahfágadh ach bloghanna agus iarsmaí ag dul le sruth. Na hiarsmaí seo féin, áfach, ba leasú do thailte Kalevala cois farraige iad. Más bocht féin atá an talamh, is amhlaidh is saibhre don fharraige, ós ansin a thit an ''Sampo''.
 
===Díoltas Louhi: ón gcúigiú laoi is dhá scór go dtí an naoú laoi is dhá scór===