An difríocht idir athruithe ar: "Kalevala"

Content deleted Content added
Líne 284:
 
==Tionchar Khalevala==
 
Cuid den litríocht dhomhanda atá i gKalevala inniu, agus d'imir sé a thionchar ar a lán ealaíontóirí agus scríbhneoirí san Fhionlainn féin chomh maith leis an gcoigríoch.
 
Is léir gur san Fhionlainn ba túisce a chuaigh Kalevala i gcion ar na healaíontóirí. Tharraing an file náisiúnta [[Aleksis Kivi]] ar Khalevala ina gcuid scríbhneoireachta, go háirithe sa dráma a bhunaigh sé ar scéal Khullervo. Scríobh file tábhachtach eile, [[Eino Leino]], a lán dánta faoi mhóitifeanna de chuid Khalevala. Bhunaigh an ceolchumadóir [[Jean Sibelius]] rogha a chuid saothar ar an eipic freisin. B'é [[Akseli Gallén-Kallela]] an duine ba tábhachtaí de na péintéirí a chuaigh ar lorg ábhair i gKalevala.
 
D'fhoghlaim J.R.R. Tolkien roinnt Fionlainnise, agus an-suim aige in imeachtaí agus i gcarachtair Khalevala. Bhunaigh sé Turin (príomhcharachtar an scéil úd ''The Children of Hurin'') ar Khullervo i gKalevala.
 
{{stumpa}}