An difríocht idir athruithe ar: "Adam Mickiewicz"

no edit summary
m (robot Adding: hu:Adam Mickiewicz)
Sa bhliain 1832, thréig Mickiewicz [[an Iodáil]] agus d'aistrigh sé go [[Páras]]. Chaith sé cupla bliain i mbochtanas, agus phós sé Celina Szymanowska, bean Pholannach de phór Ghiúdach. Níor iompaigh an pósadh amach rathúil, nó buaileadh Celina breoite le galar intinne go gairid ina dhiaidh sin. Fuair Adam Mickiewicz post léachtóireachta sa ''Collège de France'', ansin, mar Ollamh le Léann Slavach. San am seo, áfach, bhí sláinte a intinne ag teip air féin, agus an cruachás a ndeachaigh sé tríd. Níor éirigh an léachtóireacht leis, nó bhí sé ag tarraingt cúrsaí polaitíochta agus creidimh chuige nuair ba chóir dó bheith ag tabhairt cuntais ar an litríocht. Sa bhliain 1844, i ndiaidh trí bliana léachtóireachta, d'éirigh sé as an bpost. Bhí sé faoi thionchar fhealsúnacht Mheisiasach Andrzej Towiański, smaointeoir mistiúil reiligiúnda ón bPolainn a bhí ag cur faoi san [[An Fhrainc|Fhrainc]] i dtús na [[1840idí]], agus ní raibh smaointeachas Towiański ag taithneamh le rialtas na Fraince ná fiú le cuid mhaith de na himirceoirí Polannacha i bPáras.
 
[[Íomhá:Kraków - Pomnik Mickiewicza Krakow01.jpgJPG|thumb|200px|Dealbh cuimhneacháin i gCearnóg Główny (Cracó) do Mickiewicz]]
Nuair a phléasc trioblóidí réabhlóideacha amach ar fud na hEorpa sa bhliain 1848, d'fhéach Mickiewicz le Léigiún Polannach a earcú as measc lucht na himirce - arm a rachadh go dtí an Pholainn leis an tír a shaoradh ó bhráca na Rúise. Ina dhiaidh sin, bhunaigh sé an iris úd ''La Tribune des Peuples'', nó "Ardán na Náisiún", i bPáras. Bhí an iris dírithe ar chás na náisiún is na náisiúntachtaí a bhí faoi bhráca na Rúise agus na gcumhachtaí móra eile a chur os comhair an tsaoil mhóir. Ní raibh an iris ag teacht amach ach ar feadh bliana, nó ansin, b'éigean do na húdaráis Fhrancacha í a dhúnadh síos faoi bhrú ambasáid na Rúise.
 
Úsáideoir gan ainm