An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Príomhleathanach"

Content deleted Content added
Deighilt
Dalta (plé | dréachtaí)
Alt i m'Beo!'
Líne 91:
::Cé go bhfuil an Caighdeán Oifigiúil inmholta don Vicipéid, mar gheall ar an tuiscint uilíoch a bhaineann leis, ní chiallaíonn sé sin nach féidir linn nathanna chanúnacha a úsáid más óiriúnach an rud é. Ní miste ''chan fhág sé'' a úsáid in áit "níor fhág sé",, nó práta/fáta a úsáid. Mheasfainn go mbeadh sé níos fearr Gaeilge Uladh a úsáid sna hailt a bhaineann le [[Dún na nGall]] nó [[Béal Feirste]], agus cáiniúintí eile in ailt eile de réir a chéile. Anuas ar sin, feictear domsa go mbeadh sé buntáisteach leaganacha chánúnacha a lua sna hailt má tá leaganacha réigiúnacha den sórt sin in úsáid. Tá leaganacha éagsúla ann san alt [[Gaeilge]] mar shampla, agus ba féidir linn Alba a ainmniú mar leagan cánúnach d'[[Albain]]. Maidir le easaontais téarmaíochta srl: tá an Caighdeán údarásach, ach níl sé gan cháim. Muna n-aontaíonn gach duine faoi téarma éigin, ba fearr dúinn é a phlé anseo, i mo thuairim, ná claoí leis an gCaighdeán gan an ábhar a phlé. --[[Úsáideoir:Gabriel Beecham|Gabriel Beecham]] 21:15, 25 Lúnasa 2005 (UTC)
:::Ba cheart cloí leis an gCaighdeán maidir le téarmeolaíocht agus teidil na n-alt anseo. Tá ''chan fhág sé'' ceadaithe sa Chaighdeán, agus úsáid na gcanúintí ansin, in ábhar scríofa, sin rud eile ná an cheist pléite anseo: ainm na tíre ina cónaíonn na hAlbanaigh. Bhí conspóid ann, agus i gcásanna mar sin, is féidir conspóidí a mhúchadh go héasca má tá riall againn i nglacadh leis an gCaighdeán. Muna bhuil, níl romhainn ach conspóid i ndiaidh conspóid, agus malartú i ndiaidh malartú idir "Alba" agus "Albain". Ní gá, go fírinne, gach uile claonadh ón Chaighdeán a ghlacadh mar a dheineann abhcóid an deabhail. Is gá shocrú a dhéanamh an Caighdeán a úsáid chun conspóidí mar seo a chur i gcrích. [[Úsáideoir:Evertype|Evertype]] 14:50, 26 Lúnasa 2005 (UTC)
 
== Alt i m'Beo!' ==
 
Tá'im á scríobh alt don leagan Mhéan Fhomhair do Bheo faoin Vicipéid. Cheap mé gur mhaith leo a aithint. Tá cúpla ainm luaite agam. Sin iad, Gabriel Beecham, Michael Everson agus Panu Hoglund, tá súil agam nach gcuirfidh sé amach asaibh go bhfuil d'ainmnithe luaite ann. Má chuireann, abair liom agus athróidh mé an t-alt. - Liam(Róbárd) 'Dalta' Upton, [[Úsáideoir:Dalta|Dalta]] 20:34, 27 Lúnasa 2005 (UTC)
Return to "Príomhleathanach" page.