An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
{{Bosca sonraí}}
mNo edit summary
Líne 25:
Cé go raibh ceist na Sé gContae tábhachtach, ní raibh sí ag déanamh scime go príomha ach do mhuintir náisiúnaíoch na gcontaetha sin féin. Thairis sin, bhí cuid mhaith de na daoine barúlach nach mbeadh mórán teacht aniar i stáitín saorga an oir-thuaiscirt cibé scéal é, agus iad ag súil leis go dtitfeadh sé leis an deisceart agus an t-iarthar roimh i bhfad. Shíl siad go socródh [[Coimisiún na Teorann]] an teorainn ar bhealach nach gceadódh do na Sé Chontae fad saoil a bhaint amach mar shlánaonad geilleagrach iontu féin. Bhí daoine ann, freisin, nár thuig cé chomh láidir agus a bhí féiniúlacht leithleasach na b[[Protastúnach]] thuaidh. Ós rud é gur Protastúnaigh a bhí i gcuid mhaith de phríomhsmaointeoirí an náisiúnachais Éireannaigh, chreid a lán Gael nach mairfeadh scarúnachas an oir-thuaiscirt Phrotastúnaigh ach seal. Ní bheadh ann ach filleadh ar a seandúchas féin, dá gcinnfeadh a bhformhór leor a ghabháil le stát neamhspleách na hÉireann agus a gcuid féin a dhéanamh de. Ní bheadh a leithéid ag teacht salach ar a dtraidisiún, ar a laghad.
 
Bhí sé i bhfad ní ba tromchúisí, mar ábhar míshástachta, ná nach mbeadh in Éirinn ach [[tiarnas]], in áit fíor-[[Poblacht|Phoblachta]]. Is é sin, bheadh [[Rí Shasana]] ina cheann stáit ar Éirinn, ó thaobh na ndeasghnáth de, agus chaithfeadh feisirí na parlaiminéparlaiminte nua móid dílseachta a thabhairt dó. Is iomaí duine acu siúd a bhí tar éis troid a chur ar mhaith le saoirse na tíre a bhí den tuairim nach mbeadh ann ach an tseandaoirse Ghallda faoi cheilt.
 
[[Íomhá:Portrait of Micheál Ó Coileáin.jpg|thumb|left|Mícheál Ó Coileáin, ceannaire na Saorstátairí. Nuair a shínigh sé an Conradh, dúirt sé go raibh barántas a bháis féin sínithe aige. Tháinig an tairngreacht seo isteach fíor nuair a feallmharaíodh i mBéal na mBláth é.]]
Líne 42:
Ní raibh an Coileánach ná de Valera rófhonnmhar chun troid a chur ar a chéile, áfach. Bhunaigh an Coileánach Coiste Ath-Aontaithe an Airm leis na hÓglaigh a aontú arís, agus é ag áitiú ar lucht leanúna de Valera an chéad fheachtas olltoghchánaíochta sa Saorstát a chur in éineacht, le go bhféadfaí comhrialtas na náisiúnaithe go léir a chur ar bun i ndiaidh an toghcháin. Bhí sé ag iarraidh freisin ceannairí na bhfrith-Chonraitheoirí a bhréagadh chun comhoibrithe le geallúintí faoi bhunreacht Poblachtánach nach dtráchtfadh ar mhonarcacht na Breataine Móire ar aon nós. Ní ghlacfadh na Sasanaigh leis an gcineál sin bunreachta, áfach, agus iad ag bagairt ar an Saorstát imshuí iomlán trádála a chur ar Éirinn mura gcuirfí an Conradh i gcrích ina iomlán. B'éigean don Choileánach géilleadh dóibh, mar sin, agus bhí an t-athmhuintearas idir na Saorstátairí agus na Poblachtánaigh caillte ansin. Mar sin, chuaigh dhá chineál [[Sinn Féin]] chuig na toghcháin ar an ochtú lá déag de Mhí Iúil 1922: iad siúd a bhí ag cur in aghaidh an Chonartha agus iad siúd a bhí ag taobhú leis an gConradh agus leis an Saorstát. B'iad na páirtithe a bhí ag tacú leis an gConradh a bhain an toghchán go soiléir. Ní raibh na Poblachtánaigh sásta leis an toradh seo. Ní raibh sé de cheart ag an tromlach daonlathach féin a gcuid vótaí a chaitheamh ar mhaithe leis an gcúis chontráilte, a mhaígh de Valera.
 
Idir an dá linn, bhí an Coileánach agus a Rialtas Sealadach ag cur cuma agus caoi ar an Saorstát nua, agus iad ag féachaint le constáblacht agus arm ceart náisiúnta a chur in áit na nÓglach. Ós rud é, áfach, go raibh sé beartaithe ón tús go mbeadh na hÓglaigh ina ndúshraith d'fhórsaí armtha na hÉireann, b'acusan a fágadh an chuid ba mhó de bheairicí agus de threalamh cogaidh na Sasanach. Nuair a tháinig samhradh na bliana 1922, bhí beairicí na tuaithe ag na frith-Chonraitheoirí, agus an Rialtas Sealadach fágtha i muinín [[Bhaile Átha Cliath]] agus cuplacúpla dúnfort eile, ar nós an Longfoirt, ina raibh mórchuid na nÓglach áitiúil ag tacú leis an gConradh.
 
==Leamhsháinn na gCeithre gCúirteanna==