An difríocht idir athruithe ar: "Glúin na Buaidhe"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna [[1940í|1940idí]] in [[Éire|Éirinn]] a bhí i n'''Glúin na Buaidhe''' (sin leagan [[Gaeilge Uladh|Ultach]] de ''Ghlúin an Bhua'', mar a scríobhfaí sa Chaighdeán é). B'iad [[Gearóid Ó Cuinneagáin]] agus [[Proinsias Mac an Bheatha]] príomhfheidhmeannaigh na heagraíochta. Bhí baint ag [[Annraoi Ó Liatháin]] leis an eagraíocht freisin, agus scríobhadh [[Ciarán Ó Nualláin]] - deartháir [[MylesBrian naÓ gCopaleenNualláin|Flann O'Brien]] - colúin ar iris na Glúine. Craobh de chuid [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]] - ''Craobh na hAiséirí'' - a bhí ann ar dtús, ach ó theastaigh ón gCuinneagánach clár oibre polaitíochta a chur chun cinn, fuair sé dealú ón gConradh.
 
Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an nGlúin inniu. Ó thaobh amháin, bhí blas an antoisceachais ar an náisiúnachas a bhí mar réalt eolais ag lucht ceannais na Glúine. Le fírinne, is é an cineál idé-eolaíochta a bhí ann ná an radacachas sainiúil Éireannach ina dtagann an náisiúnachas, an Caitliceachas, an Poblachtachas agus, fiú, cineál Sóisialachais le chéile. Ón taobh eile, is léir go ndearna an Ghlúin éacht mór ag eagrú daoine óga ar son chúis na Gaeilge. Ar obair na Glúine, nó ar obair Chraobh na hAiséirí, a d'fhás an iris fhadsaolach úd ''[[Inniu]]'', chomh maith leis an teach foilsitheoireachta ''Foilseacháin Náisiúnta Teoranta'' ([[FNT]]).