An difríocht idir athruithe ar: "Plé:Euro"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 31:
Thug mé fá deora gur athraigh duine é go euro níos luaithe - arís, níl barúil ar bith agam cad chuige nach dtig leat é a fhágáil mar sin. I ndeireadh an dála, sin an focal a mbaineann gach duine eile úsáid as, agus sin a deirtear sna meáin agus sna foclóirí. [[Úsáideoir:Conchúr|Conchúr]]
:Botún de chuid Rialtas na hÉireann atá ann maidir le pleanála teangeolaíochta, mar atá luaite thuas. Is féidir "Crios an ''euro''" a rá, le focal neamh-Ghaeilge in úsáid, i gcló iodálach. "''Fair play'' dhuit. Ach, a Conchúir, má tá tú ag iarraidh focal Gaeilge a úsáid, is gá go mbaineann gramadach leis an bhfocal. Baininscneach? Firinscneach? Tuiseal ginideach? Más focal firinscneach: '' an t-eoró, luach an eoró, na heorónna, luach na n-eorónna''. Más baininscneach: ''an eoró, luach na heoró, na heorónna, luach na n-eorónna''. Agus ba cheart úrú a chur leis: 7 n-eoró. Mura mbaineann gramadach leis an bhfocal, ní focal Gaeilge atá ann. [[Úsáideoir:Evertype|Evertype]] 09:25, 1 Meán Fómhair 2005 (UTC)
 
::A Evertype, a chara - ar dtús, ba mhaith liom a rá nach bhfuil fadhb ar bith agat mar dhuine. Is í an cheist seo an rud amháin nach n-aontaím leat fá dtaobh de. Tuigim go han-mhaith, go huile is go hiomlán go bhfuil fadhbanna móra ag an fhocal "euro" maidir le cúrsaí gramadaí, agus ní bheadh fadhb ar bith agam leis an fhocal níos fearr, mar a deir tú agus ó taobh gramadaí de, "eoró" - ''dá mba rud é gurb é sin an focal oifigiúil, an focal atá sna foclóirí agus an focal a shocraigh Rialtas na hÉireann le haghaigh an fhocail Bhéarla euro''. Ach ní hea. Agus an rud is mó a chuireann isteach orm, ná daoine ag cumadh focal, agus ag iarraidh an teanga a dhéanamh níos deacra ná mar atá anois.
::Socraíodh (d'aonghnó nó de bhotún) gurb é an focal Gaeilge (don am i láthair, pé scéal é) ná '''euro''' - ainmfhocal firinscneach den cheathrú díochlaonadh, dar le Collins Pocket Irish Dictionary. Má ghlacann tú leis gurb é seo an focal, cad chuige nach ndeir tú '''an t-euro, luach an euro'''? Falsacht de chraoltóirí atá ann, nuair a deir siad "an euro" agus níl fáth ná cúis ar bith ann cad chuige nach dtig linn '''an t-euro''' a scríobh anseo, ar an Vicipéid. [[Úsáideoir:Conchúr|Conchúr]] 17:25, 1 Meán Fómhair 2005 (UTC)
Return to "Euro" page.