An difríocht idir athruithe ar: "Clann na Poblachta"

Content deleted Content added
m +IV +Lit
No edit summary
Líne 2:
 
==Stair an pháirtí==
Bhunaigh gníomhaithe poblachtaigh [[Seán Mac Giolla Bhríde]] ''(Béarla: Seán MacBride)'', Nollaig Hartnett, Seán Mac Uighilín ''(Béarla:Jack McQuillan)'' agus Micheál Ó Ceallaigh an páirtí sa bhliain [[1946]]. Ba é Mac Giolla Bhríde ceannaire an pháirtí. Thacaigh a lán daoine a bhí mí-shásta le [[Fianna FailFáil]] leis an gClann agus d'fhás an páirtí go tapaigh. Bhuaigh an páirtí dhá fhothoghchán sa bhliain [[1947]]. Ghair [[Eamon de Valera|De Valera]] olltoghchán go luath sa bhliain [[1948]] chun cur isteach ar fhás an pháirtí nua. Fuair Clann na Poblachta 13.2% de na vótaí san olltoghchán agus 10 suíochán sa Dáil.
 
Bunaíodh an chéad rialtas idir-pháirtí tar éis an olltoghcháin. Tháinig [[Fine Gael]], [[Páirtí an Lucht Oibre]], [[Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre Náisiúnta]], Clann na Poblachta, [[Clann na Talmhan]] agus roinnt Teachtaí neamhspleácha le cheile chun Fianna Fáil a chur as oifig. Ba é [[Seán A Mac Coisdealbha]] Taoiseach an rialtais nua mar níorbh fhéidir le Clann na Poblachta glacadh le ceannaire Fhine Gael, [[Risteard Ó Maolcatha]]. Fuair an Clann dhá áit sa chomh-aireacht - ceapadh Mac Giolla Bhríde mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus ceapadh [[Nollaig de Brún]] mar Aire Sláinte.
 
D'fhág Éire an [[Comhlathas Briotanach]] sa bhliain [[1949]].
 
D'éirigh de Brún as an rialtas agus as an gClann sa bhliain [[1951]] nuair nár thacaigh an rialtas leis an Scéim Máthar agus Linbh. Bhí easaontas sa Chlann maidir leis an scéim freisin - bhí an Eaglais go mór in éadan na scéime agus níor thacaigh Mac Giolla Bhríde le de Brún. Tháinig meath ar an bpáirtí tar éis na conspóide agus ní bhfuair an páirtí ach 34.81% de na vótaí agus 32 shuíochan sa Dáil sa chéad olltoghchán eile (níos déanaí sa bhliain 1951). Toghadh de Brún mar Theachta Dála neamhspleách.
 
Ghlac Clann na Poblachta páirt i dtoghcháin suas go dtí [[1965]] ach bhí an páirtí i gcónaí i bhfad níos laige na mar a bhí sé ar dtús.