An difríocht idir athruithe ar: "Cú Uladh - Peadar Toner Mac Fhionnlaoich"

Content deleted Content added
No edit summary
Spás
Líne 1:
Scríbhneoir [[Gaeilge]] ab ea é '''Cú Uladh''', nó '''Peadar Toner Mac Fhionnlaoich'''. Rugadh é ar [[5 Deireadh Fómhair]] [[1857]] in Alt an Iarainn, Gleann tSúilí, Co. Dhún na nGall agus cailleadh é ar [[1 Iúil]] [[1942]]. Nuair a bhí sé seacht déag d’aisrigh sé go [[Baile Átha Cliath]] agus d’fhreastald'fhreastal sé ar Ard-Scoil i nGlas Naíon le haghaidh bliain, agus dhá bhliain i gColáiste na Carraige Duibhe. Phós sé Shibhéal Ní Uadhaigh (Elizabeth Woods) i 1895 agus bhí dárdhéag clainne acu. Fuair sé post in oifig chustaim agus máil agus chaith sé naoi mbliana dhéag i Sasana leis an phost sin. De bharr a phost sa Stáit Séirbhís bhí air Cú Uladh agus a chlann taisteal ó áit go háit i rith a shaol. Bhí sé lionnaithe i [[Dún na nGall]], [[Béal Feiriste]], Yorkshire, An Bheatain Bhig, Glasgow, Cúl an tSúdaire agus Baile Átha Cliath. Caith sé an chuid mhaith dá shaol mar fhile, scríbhneoir, seanachaí, drámadóir, Chonraitheoir, agus Seanadóir.
 
 
Bhí baint an-mhór ag Cú Uladh le [[Conradh na Gaeilge]] i rith a shaol. I 1895 bhí an chéad cruinniú ag Craobh Conradh na Gaeilge Béal Féirste i dteach Cú Uladh, 32 Bóthar Beersbridge. Bhí Cú Uladh mar Uachtarán ar Conradh na Gaeilge idir 1922 agus 1925 agus arís sa tríochaidí. Bhí sé ar an Choiste Gnó le haghaidh breis is daichead bliain agus bhí an-bhaint aige leis an Conradh i rith na blianta sin.
 
I 1938 rinne [[Éamon de Valera]] ([[An Taoiseach]]) é ina Seanadóir, i [[Seanad Éireann]] agus bhí sé ina Seanadóir go dtí lá a bháis ar an chéad lá de Iúil 1942. Labhair sé Gaeilge amháin sa Seanad nuair a bhí chuid is mó de na seanadóirí eile ag labhairt Béarla.
 
 
Scríobh sé díolaim ghearrscéalta i gcanúint [[Uladh]] faoin teideal ''Ciall na Seanráite'', agus sna blianta 1935-36, d'fhoilsigh sé sraith aistí ar [[An tÉireannach (iris)|An tÉireannach]] faoi [[Éirí Amach na Cásca]]. Tháinig na haistí i gcló faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1992, faoin teideal ''Bliain na hAiséirí''.