An difríocht idir athruithe ar: "Cú Uladh - Peadar Toner Mac Fhionnlaoich"

Content deleted Content added
No edit summary
mNo edit summary
Líne 6:
Bhí baint an-mhór ag Cú Uladh le [[Conradh na Gaeilge]] i rith a shaol. I 1895 bhí an chéad cruinniú ag Craobh Conradh na Gaeilge Béal Féirste i dteach Cú Uladh, 32 Bóthar Beersbridge. Bhí Cú Uladh mar Uachtarán ar Conradh na Gaeilge idir 1922 agus 1925 agus arís sa tríochaidí. Bhí sé ar an Choiste Gnó le haghaidh breis is daichead bliain agus bhí an-bhaint aige leis an Conradh i rith na blianta sin.
 
ISa bhliain 1938 rinne [[Éamon de Valera]] ([[An Taoiseach]]) é ina Seanadóir, i [[Seanad Éireann]] agus bhí sé ina Seanadóir go dtí lá a bháis ar an chéad lá de Iúil 1942. Labhair sé Gaeilge amháin sa Seanad nuair a bhí chuid is mó de na seanadóirí eile ag labhairt i m[[Béarla]].
 
Scríobh sé díolaim ghearrscéalta i gcanúint [[Uladh]] faoin teideal ''Ciall na Seanráite'', agus sna blianta 1935-36, d'fhoilsigh sé sraith aistí ar [[An tÉireannach (iris)|An tÉireannach]] faoi [[Éirí Amach na Cásca]]. Tháinig na haistí i gcló faoi chlúdach leabhair sa bhliain 1992, faoin teideal ''Bliain na hAiséirí''. Chomh maith leis an saothar thíos, scríobh Cú Uladh na céadta aistí, rionnt mhaith scéalta agus dánta freisin a d;fhiolsigh sé i nuachtáin agus irisí; An Claidheamh Soluis, Sinn Féin, Fáinne an Lae, Irish an Fháinne, The Nation, The Irish Nation, Tír, Irish Opinion, agus An Phoblacht ina measc.