An difríocht idir athruithe ar: "Éire (Poblacht na hÉireann)"

Content deleted Content added
Naisc/Ref/srl
Janik (plé | dréachtaí)
mNo edit summary
Líne 46:
:''Príomhailt: [[Stair na hÉireann]], [[Stair Phoblacht na hÉireann]]''
 
D'eascair an difríocht idir oileán na hÉireann (a bhí faoi rialtas amháin cheana féin) agus stát na hÉireann (26 as 32 chontae an oileáin) as eachtraí bunreachtúla casta i rith an chéid leath den [[20ú haois|fichiúfhichiú haois]].
 
Ón [[1 Eanáir]] [[1801]] go dtí an [[6 Mí na Nollag]] [[1922]], ba thír laistigh den [[Ríocht Aontaithe]] í Éire. I 1919, shocraigh an chuid is mó de [[Feisire Parlaiminte|Fheisirí Parlaiminte]] Éireann, a toghadh in [[ollthoghchán na Breataine, 1918]], a suíocháin i b[[Parlaimint na Breataine]] a dhiúltiú. In áit dul go Londain bhunaigh siad parlaimint Éireannach, [[Dáil Éireann]]. I Mí Eanáir 1919, d'eisigh an Dáil seo [[Fógra Neamhspleáchais Aontaobhach]] in ainm [[Poblacht Éireannach|Poblachta Éireannaigh]]. Níor tugadh aitheantas idirnáisiúnta don ''phoblacht'' seo. Chuir Rialtas na Breatain an Dáil faoi chois, agus cuireadh go leor de na Teacchtaí Dála i bpríosún. Thosaigh [[Cogadh na Saoirse]], a mhair go dtí 1921, nuair a thosaigh rialtais na Breataine agus Aireacht na Poblachta Éireannaigh ar idirbheartaíocht, a chríochnaigh le síniú an [[Conradh Angla-Éireannach|Chonartha Angla-Éireannaigh]] i [[1921]]. Chruthaigh sé seo córas iomlán nua rialtais in Éirinn, a bhí dleathach i súile na Breataine agus féinrialaitheach faoi [[stádas chríochach]] (''dominion status'').