An difríocht idir athruithe ar: "Pádraic Ó Conaire"

Content deleted Content added
Catagóir - b'iriseoir é freisin
Litriú
Líne 3:
[[Scríbhneoir]] [[Éire]]annach ab ea '''Pádraic Ó Conaire''' ([[20 Feabhra]] [[1882]] - [[6 Deireadh Fómhair]] [[1928]]) a chum gearrscéalta agus aistí faoi shaol an imircigh [[Gael|Ghaelaigh]] i [[Sasana]] timpeall tús an [[20ú haois]]. Bhí sé gníomhach, freisin, san iriseoireacht, rud a raibh an-bheagán di le fáil as [[Gaeilge]] ag an am.
 
Scríobh sé dhá úrscéal, ''[[Deoraíocht (úrscéal)|Deoraíocht]]'' agus ''[[Fearfeasa Mac Feasa]]'', chomh maith le go leor aistí agus gearrscéalta. Tá cuid de nsna gearrscéalta seo ar fáil sa leabhar ''Scothscéalta'' atá ar an siollabas Ardteiste in Éirinn le fada an lá. D'fhág sé a bhean agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann. Cailleadh é sna fichidí nuair nach raibh aige ach caoga bliain. Tá sé curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir i n[[Gaillimh]].
 
Bhí post mar státseirbhíseach aige sa [[An Bhreatain|Bhreatain]] ar feadh tamaill ach rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn, agus bhí an-ghean ag daoine air cé nár shaothraigh sé mórán airgid ar a chuid saothar liteartha le linn a shaoil.