An difríocht idir athruithe ar: "Pádraic Ó Conaire"

Content deleted Content added
Eolas eile, ceannlíne eile, agus eolas bailithe le chéile.
mNo edit summary
Líne 6:
 
== Saol ==
Saolaíodh Pádraic Ó Conaire i n[[Gaillimh]] sa bhliain 1882, áit ina raibh dhá theach ósta ag a athair agus a mháthair Kate McDonagh. Bhí beirt deartháir aige, Isaac agus Michael. Tar éis teip a ghnó sa chathair, chuaigh a athair ar eisimirce go dtí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá]] agus cailleadh é ann go gairid ina dhiaidh sin. Cailleadh máthair Uí Chonaire freisin sa bhliain 1893, agus mar thoradh bhí ar na dílleachtaí óga dul chun chónaí leis a n-uncail Patrick Conroy i [[Ros Muc]]. D'fhreastalfhreastail Pádraic ar an scoil i d[[Turlach Beag]], sular bhog sé ar aghaidh go dtí [[Coláiste Charraig an Tobair]] i g[[Contae Thiobraid Árann]] agus [[Coláiste na Carraige Duibhe]] i m[[Baile Átha Cliath]].
 
BhoagBhog sé go Londain sa bhliain 1899, agus chuir sé suim mhór i gcúrsaí [[Conradh na Gaeilge|Chonradh na Gaeilge]].
Cé go raibh post mar státseirbhíseach aige sa [[An Bhreatain|Bhreatain]] ar feadh tamaill, rinne sé iarracht maireachtáil ar a chuid scríbhneoireachta nuair a d'fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1914, agus bhí an-ghean ag daoine air cé nár shaothraigh sé mórán airgid ar a chuid saothar liteartha le linn a shaoil. Chaith sé an chuid is mó dá shaol fosta ina chónaí i nGaillimh, ag múineadh sna coláistí samhraidh sna [[Gaeltacht|Ghaeltachtaí]] anois is arís.
Líne 14:
Bhí sé pósta le Molly Ní Mhanais, agus bhí ceathrar clainne acu: Eileen (r. 22 Feabhra 1905), Patrick (r. 3 Samhain 1906), Kathleen (r. 24 Feabhra 1909) agus Mary Josephine (28 Iúil 1911–1922), a fuair bás de bharr [[diftéire]]. D'fhág sé a bhean agus a chlann agus chaith na blianta ag fánaíocht ar fud na hÉireann.
 
Cailleadh é sna fichidí nuair nach raibh aige ach caoga bliain. Fuair sé bás i Mí Deireadh Fómhair 1928, agus é ar chuairt ar phríomh-oifigphríomhoifig Chonradh na Gaeilge i m[[Baile Átha Cliath]]. Bhí dealbh ina chuimhne sa bh[[Faiche Mór]] i n[[Gaillimh]] ach aistríodh é go gáirdín Chomhairle na Cathrach agus is ansin atá sé faoi láthair. Nuair a bheidh an t-athchóiriú atá á dhéanamh ar an bhFaiche Mhór curtha i gcrích, tá sé i gceist macasamhail den dealbh a chur ar ais ann.
 
Tá sé curtha i Reilig an Bhóthair Mhóir i n[[Gaillimh]].