An difríocht idir athruithe ar: "Tuusula"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 7:
 
Tá iomrá ar Tuusula mar áit mhór chultúrtha freisin. Sa bhliain 1872, fuair scríbhneoir náisiúnta na Fionlainne, [[Aleksis Kivi]], bás i mbothán beag i dTuusula. Timpeall ar chasadh an chéid, shocraigh a lán ealaíontóirí síos in aice leis an loch, cois bhóthar na trá. Ina measc, bhí an scríbhneoir [[Juhani Aho]], a bhí pósta ar an bpéintéir [[Venny Soldan-Brofeldt]]; an ceolchumadóir cáiliúil [[Jean Sibelius]], an file [[J. H. Erkko]] agus a lán eile.
 
Sna 1990idí, bhí clú agus cáil ar an dráma úd ''Skavabölen pojat'' ("Na Buachaillí ó Skavaböle"), a thug cur síos ar shaol beirt bhuachaillí óga i Hyrylä sna seachtóidí agus sna hochtóidí. Cé gur dráma Fionlainnise a bhí ann, bhí ainm Sualainnise ar an áit sa dráma, toisc go dtagadh na stócaigh ar cuairt chuig a seanmháthair i Hyrylä, bean a raibh Sualainnis ó dhúchais aici. Ba é an drámadóir Antti Raivio a scríobh an dráma agus a stiúraigh an chéad léiriú de. Tá leagan scannánaithe le dul ar an scáileán sa bhliain 2009.
 
I Mí na Samhna 2007, [[Ár Jokela|mharaigh]] fear óg darbh ainm Pekka-Eric Auvinen ochtar daoine agus é féin le piostal i scoil i Jokela.