An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"

Content deleted Content added
Líne 70:
 
Shroich feachtas na sceimhlitheoirí barr a ghéaradais le linn "Fhómhar na Gearmáine" nó ''Der Deutsche Herbst'', is é sin, Fómhar na bliana 1977. Ar an 5 Meán Fómhair, d'fhuadaigh siad Hanns-Martin Schleyer, a bhí ina Uachtarán ar Chumann Fostóirí na Gearmáine (''Bundesverband der Arbeitgeber''). An ceathrar fear a bhí á dtionlacan, maraíodh iad go léir. D'éirigh na fuadaitheoirí go scaoilfí saor le lucht na chéad ghlúine, cosúil le Baader agus Ensslin. Ansin, chuir Helmut Schmidt, Seansailéir na Gearmáine, gairm scoile ar an Mórfhoireann Géarchéime (''der Grosse Krisenstab''), cineál rialtas fairsingithe a raibh feisirí de chuid gach páirtí uirthi. Ba í an Mhórfhoireann seo a bhí i gceannas ar an nGearmáin Iartharach go dtí gur tháinig deireadh le himeachtaí an "Fhómhair". I Mí Dheireadh Fómhair, reachtaigh an ''Bundestag'', nó Pairlimint Chónaidhme na Gearmáine, an Dlí um Chosc ar Chaidreamh, nó an ''Kontaktsperregesetz''. Chuir an dlí seo ar chumas na n-údarás cosc ar na sceimhlitheoirí sa phríosún bheith i dteagmháil lena gcuid dlíodóirí.
 
Ní raibh rialtas na Gearmáine sásta géilleadh d'éilimh na sceimhlitheoirí. Le tuilleadh brú a chur ar an rialtas, d'fhuadaigh an PFLP - drong radacach Mharxach ón bPalaistí a raibh an RAF ag comhoibriú leo - eitleán paisinéirí de chuid an Lufthansa, an ''Landshut''. Ba é an "Captaen Mairtíreach Mahmúd", nó Zohair Youssif Akache, a bhí i gceannas ar an gcománlach. Thurling an ''Landshut'' i Mogaidisiú sa tSómáil, ach ansin, ar an 18 Deireadh Fómhair 1977, d'ionsaigh ''Grenzschutzgruppe 9'', feadhain fórsaí speisialta ón nGearmáin, an t-eitleán, agus maraíodh triúr den cheathrar sceimhlitheoirí. Ní bhfuair aon duine de na sibhialaigh bás sa teagmháil, ach bhí captaen an eitleáin, Jürgen Schumann, maraithe ag an Mairtíreach Mahmúd in Aden, áit ar thuirling an ''Landshut'' sular bhain sí amach Mogaidisiú.
 
===An Tríú Glúin===