An difríocht idir athruithe ar: "Des Bishop"

Content deleted Content added
Líne 9:
Chuir pobal na hÉireann aithne air den chéad uair sa bhliain [[2000]] nuair a bhí sé páirteach i sraith chláracha [[teilifís]]e ar [[RTÉ]] a bhí bunaithe ar théamaí tráthúla nuachta dar teideal ''Don’t feed the Gondolas''.<ref name="galwayindep"/> Bhí air éirí as an gclár ar chúinsí pearsanta. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh an ailse ag cur as dó ag an am. Níor lig sé dá chuid fadhbanna sláinte an ceann is fearr a fháil air, áfach, agus is amhlaidh a bhain sé miotal as an scéal chun aird a tharraingt ar an ngalar.
 
 
==Dúshlán gairmiúil==
Tá nós aige plé le daoine atá ar imeall na sochaí agus le topaicí achrannacha a sheachnaítear go minic. Ceistíonn sé os ard na claonta agus na tuairimí dochta atá sa tsochaí. Creideann sé gurb é an bealach is fearr le teacht ar thuiscint phearsanta ar chruacheisteanna an tsaoil ná é féin a lonnú i gceartlár na ndaoine a bhíonn faoi chaibidil aige.