An difríocht idir athruithe ar: "Des Bishop"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 6:
Tá sé ag obair i réimse na siamsaíochta in Éirinn ó dheireadh na [[1990idí|nóchaidí]], tráth ar thosaigh sé ag láithriú seónna san ''[[International Comedy Cellar]]'' i [[Baile Átha Cliath|gcathair Bhaile Átha Cliath]]. Is é an t-aisteoir [[Ardal O'Hanlon]], mar aon le [[Kevin Gildea]] agus [[Barry Murphy]], a bhunaigh an t-ionad agus tá Deasún i mbun riaradh na háite anois in éineacht lena dheartháir [[Aidan( three balls )Bishop|Aidan]]. Cuireann an club ardán ar fáil do dhaoine óga a bhfuil suim acu in ealaín an fhuirseora. Chuir an áis seo ar a chumas féin forbairt a dhéanamh ar a ghairm agus é ag seasamh os comhair lucht féachana. Tá clú idirnáisiúnta air ó bheith páirteach i bhféilte móra siamsaíochta in Aspen, i n[[Dún Éideann]], i [[Montréal]] agus i g[[Cill Chainnigh]].
 
willy==Dúshlán pearsanta==
Chuir pobal na hÉireann aithne air den chéad uair sa bhliain [[2000]] nuair a bhí sé páirteach i sraith chláracha [[teilifís]]e ar [[RTÉ]] a bhí bunaithe ar théamaí tráthúla nuachta dar teideal ''Don’t feed the Gondolas''.<ref name="galwayindep"/> Bhí air éirí as an gclár ar chúinsí pearsanta. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh an ailse ag cur as dó ag an am. Níor lig sé dá chuid fadhbanna sláinte an ceann is fearr a fháil air, áfach, agus is amhlaidh a bhain sé miotal as an scéal chun aird a tharraingt ar an ngalar.