An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Beacháin"
Content deleted Content added
m robot Adding: pl:Brendan Behan |
|||
Líne 18:
D'imir a tharla dó sa phríosún an-tionchar ar scríbhneoireacht Uí Bheacháin. Scríobh sé a chéad dráma, ''The Landlady'', i Muinseo agus thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta agus próis eile ann freisin. Cuireadh cuid dá shaothar i gcló in The Bell príomhiris litríochta na hÉireann na linne sin. D'fhoghlaim sé Gaeilge sa phríosún agus, tar éis dó bheith scaoilte saor i 1946, chaith sé tamall i [[Gaeltacht|nGaeltachtaí]] na Gaillimhe agus Chiarraí, áit ar thosaigh sé ag scríobh filíochta i nGaeilge. Faoi thús na gcaogaidí bhí sé in ann teacht i dtír ar a scríbhneoireacht don raidió agus do na nuachtáin agus bhí cáil bainte amach aige mar fhear barrúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus i measc lucht litríochta.
Tháinig ardú mór ar a cháil i 1954 nuair a léiríodh dráma leis, ''The Quare Fella'' (béarlagair príosúin ar ‘duine daortha chun báis’), sa Pike Theatre i mBaile Átha Cliath. Mhair sé ar stáitse ar feadh sé mhí. I 1956 léiríodh sa [[West End]] i [[Londain]] agus ar Broadway i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] é agus bhain an Beachánach clú idirnáisiúnta amach dá bharr. I
==Deireadh Ré==
|