An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr Crús Ó Briain"

Content deleted Content added
No edit summary
Aimsir chaite, datá báis, catagóirí nua
Líne 1:
Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach [[Éire|Éireannach]] isab ea é '''Conchúr Crús Ó Briain''' (seanlitriú Gaeilge: ''Conchubhar Crús Ó Briain'', Béarla: ''Conor Cruise O'Brien''), a dtugtar ''The Cruiser'' nó ''An Crúiseoir'' air i gcaint na ndaoine. Saolaíodh i [[Ráth Maonais]] ar an [[3 Samhain|tríú lá de Mhí na Samhna]] [[1917]] é agus bhásaigh sé ar an [[18 Nollaig]] [[2008]]. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|gColáiste na Tríonóide]], rud as an ngnáth san am, ós rud é gur [[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhí ann féin, agus clú Protastúnach ar an áit. Phós sé cailín Preispitéireach arbh ainm di Christine Foster san am seo.
 
Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na [[Náisiúin Aontaithe]] i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í [[Poblacht Dhaonlathach an Chongó]] í inniu). Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, ''To Katanga and Back'', a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.
 
Sna blianta 1962-1965, bhí sé ina Sheansailéir ar Ollscoil [[Gána|Ghána]], agus ina dhiaidh sin, chaith sé ceithre bliana ina Ollamh le Daonnachtaí in Ollscoile Nua-Eabhraic. Ollúnacht a bhí ann a bunaíodh in ómós d'[[Albert Schweitzer]].
Líne 15:
{{síol}}
[[Catagóir:Scríbhneoirí Éireannacha|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Iriseoirí Éireannacha|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Polaiteoirí na hÉireann|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Taidhleoirí Éireannacha|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Teachtaí Dála|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Teachtaí Dála|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Baill den 19ú Dáil|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Baill den 20ú Dáil|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Baill den 14ú Seanad|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Daoine as Baile Átha Cliath|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1917|Ó Briain, Conchúr Crús]]
[[Catagóir:Básanna i 2008|Ó Briain, Conchúr Crús]]
 
[[en:Conor Cruise O'Brien]]