An difríocht idir athruithe ar: "Conchúr Crús Ó Briain"

Content deleted Content added
Gairm/Céile (Bosca sonraí)
Saothar, nasc eile
Líne 18:
|páirtí =[[Páirtí an Lucht Oibre (Éire)|Lucht Oibre]], neamhspleách
|}}
Scríbhneoir, polaiteoir agus acadúlach [[Éire|Éireannach]] ab ea é '''Conchúr Crús Ó Briain''' (seanlitriú Gaeilge: ''Conchubhar Crús Ó Briain'', Béarla: ''Conor Cruise O'Brien''), a dtugtar ''The Cruiser'' nó ''An Crúiseoir'' air i gcaint na ndaoine. Saolaíodh i [[Ráth Maonais]] ar an [[3 Samhain|tríú lá de Mhí na Samhna]] [[1917]] é agus bhásaigh sé ar an [[18 Nollaig]] [[2008]]. D'fhoghlaim sé a chuid léinn i [[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath|gColáiste na Tríonóide]], rud as an ngnáth san am, ós rud é gur [[Caitliceachas|Caitliceach]] a bhí ann féin, agus clú [[Protastúnachas|Protastúnach]] ar an áit. Phós sé cailín [[Preispitéireachas|Preispitéireach]] arbh ainm di Christine Foster san am seo.
 
Chuaigh sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus bhain sé an chéad cháil idirnáisiúnta amach, nuair a bhí sé ina ionadaí do na [[Náisiúin Aontaithe]] i gKatanga sa Chongó (an tír a dtugtaí an tSáír uirthi ní ba mhaille, agus arb í [[Poblacht Dhaonlathach an Chongó]] í inniu). Sa bhliain 1961, d'fhéach cúige seo na tíre le neamhspleáchas a bhaint amach, agus bhí géarchéim mhór sa tír dá dheasca sin. Bhí a lán tíortha ag cur a ladair féin i gcúrsaí an Chongó, agus sa deireadh, b'éigean don Bhrianach éirí as a phost agus glanadh as an tír. Scríobh sé leabhar faoin taithí seo, ''To Katanga and Back'', a bhfuil cáil an chlasaicigh uirthi i gcónaí.
Líne 30:
Bhí sé an-mhíshásta le polasaithe [[Cathal Ó hEochaidh|Chathal Uí Eochaidh]], agus b'eisean a cheap an acrainim úd ''GUBU'' (''Grotesque, Unbelievable, Bizarre, Unprecedented'' - "arrachtúil, dochreidte, áiféiseach, gan réamhshampla") mar ainm ar rialtas Uí Eochaidh sa bhliain 1982.
 
Go dtí an bhliain 1994, bhí an Brianach ina Leas-Seansailéir Cúnta ar Ollscoil Bhaile Átha Cliath (is é sin, Coláiste na Tríonóide).
 
== Saothar ==
* ''Maria Cross'' (mar Donat O'Donnell) (1954)
* ''To Katanga and Back'' (1962)
* ''Albert Camus'' (Penguin, 1970) ISBN 9780670019021
* ''States of Ireland'' (1972) ISBN 978-0091131005
* ''The Siege: The Saga of Israel and Zionism'' (1986) ISBN 978-0671633103
* ''Passion & Cunning: Essays on Nationalism, Terrorism, and Revolution'' (1988)
* ''The Great Melody: A Thematic Biography of Edmund Burke'' (1992). ISBN 0-226-61651-7
* ''On the Eve of the Millennium'' (1994). ISBN 978-0887845598
* ''The Long Affair: Thomas Jefferson and the French Revolution'', 1785-1800 (1996) ISBN 978-0712666831
* ''Memoir: My Life and Themes'' (1999) ISBN 978-1853719479
 
Leis a bhean [[Máire Mhac an tSaoi]]:
 
* ''A Concise History of Ireland'' (1972) ISBN 0-500-45011-0
 
{{síol}}