An difríocht idir athruithe ar: "Deirdre"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Deirdre lament Millar.jpg|thumb|right|200px| ''Caoineadh Dheirdre'' le J.H.F. Bacon, arna fhoilsiú in ''Celtic Myth and Legend'' le Charles Squire (1905). ]]
Duine de na pearsanra sa [[Rúraíocht]] is ea '''Deirdre''' (nó Derdriu sa tSean-Ghaeilge). Sular saolaíodh í thairngir an Draoi Cathbhadh go mbeadh an bhean álainn seo ina cúis achrainn agus fuildhoirte. Ina ainneoin sin, is ise a roghnaíonn [[Conchúr Mac Neasa|Conchobhar Rí]] mar bhean céile. Ar fheiceáil di fiach dubh ag ól fola ainmhí a maraíodh, deir Deirdre go bpósfaidh sí fear a bhfuil dath bán ar a chorp, dath dearg ar a leicne agus dath dubh ar a chuid gruaige.
 
Nuair a deir Leabharcham, a buime, go bhfuil na tréithe sin ag fear óg dathúil darb ainm [[Naoise]], titeann Deirdre i ngrá leis. D’ainneoin thairngreacht Chathbhaidh agus an cleamhnais atá déanta le Conchobhar, teitheann Deirdre agus Naoise go [[Albain|hAlban]]. Cuireann na h[[Ulaidh]] ina luí ar Chonchobhar cead a thabhairt don dís filleadh ar [[Éireann]], dá bhrí sin, cuireann sé Fearghus Mac Róigh go hAlban chun é seo a chur in iúl dóibh. Ach ar fhilleadh dóibh ar [[Emain Macha]], ceanncheathrú thuatha Ulaidh, feallmharaítear Naoise agus a dheartháireacha agus gabhann Conchobhar seilbh ar Dheirdre. Seachas géilleadh do Chonchobhar, áfach, léimeann Deirdre de charbad agus é ag gluaiseacht, agus déantar smidiríní dá cloigeann.
 
==Tagairtí==
* Arna bhunú ar an iontráil 'Deirdre', ''Encyclopedia of Ireland'', Gill & Macmillan (2003).
 
[[Catagóir:An Rúraíocht]]