An difríocht idir athruithe ar: "Toraigh"

Content deleted Content added
No edit summary
MacTire02 (plé | dréachtaí)
+naisc
Líne 6:
 
==An t-oileán sa lá atá inniu ann==
Tá an t-oileán timpeall 5km ar fhad agus 1km ar leithead, agus tá cónaí ar timpeall is 180 duine ann.<ref>http://www.beo.ie/index.php?archive_id=859&page=archive_content</ref> Ceithre shráidbhaile atá ann: An Baile Thoir, An Baile Thiar, An Lár agus Úrbhaile, ach is iad [[an Baile Thiar]] agus [[an Baile Thoir]] na príomhbhailte. Is sa Bhaile Thiar atá cónaí ar an gcuid is mó de mhuintir an oileáin agus is ann atá an bhunscoil agus an mheánscoil, an siopa, teach an phobail, oifig an phoist, an Gailearaí, an caife, an clubtheach, an t-óstán, an brú óige, lóistín leaba agus bricfeasta, an t-ionad sláinte agus oifig an Chomharchumainn suite.
 
Ó chaith an t-ealaíontóir Sasanach Derek Hill seal ar Thoraigh tá scaifte ealaíontóirí clúiteacha de chuid an oileáin féin tagtha ar an bhfód.
Líne 12:
Is é Tor Mór an pointe is airde ar Thoraigh agus is cosúil gur air atá ainm an oileáin bunaithe. Ar nós oileán eile ar chósta na hÉireann ([[Na Blascaodaí|An Blascaod]] mar shampla) bhí agus tá a rí féin tofa ag muintir Thoraigh. Is é Patsaí Dan Mac Ruairí an rí faoi láthair.
 
Is minic a bhíonn an t-oileán scartha ó thír mór le linn stoirmeacha an gheimhridh mar nach bhfuil aerfort ar bith ann, ach tá seirbhís fharantóireachta ag freastal air as cósta Thír Chonaill. Tá iarsmaí stairiúla agus [[seandálaíocht]]a ar Thoraigh agus méadú ag teacht ar thionscal na turasóireachta. Ba ar an iascaireacht a mhair na daoine ó thús ama, agus gliomaigh agus crúbóga is mó a dhéanann airgead do na hiascairí.
 
==Litríocht agus amhránaíocht==