An difríocht idir athruithe ar: "Canúint Ghaeilge Uladh"

Content deleted Content added
m Nasc
Líne 27:
*''amharc'' féach, breathnaigh. Deirtear ''dearc'' nó ''coimhéad'' freisin. Is ionann ''féach'' agus ''bain triail as'' i nGaeilge Uladh. ''D'fhéach sé le rud a dhéanamh'' = bhain sé triail as rud a dhéanamh.
*''anonn'': ''tá sé ag goil anonn ins an lá'' tá sé ag druidim chun deireanais, tá sé ag éirí deireanach, tá an tráthnóna agus an oíche ag teacht
*''ar los'': ''ar los rud a dhéanamh'' le rud a dhéanamh. Le Gaeilge Oirthear Uladh a bhaineann an dul cainte seo, agus ní fheicfeá i litríocht Thír Chonaill é, is dócha.
*''ar son'' as (ucht): ''dhíol mé go daor ar a shon'' d'íoc mé go daor as. ''Ar mhaithe le'' nó ''i bhfách le'' a chloisfeá in Ultaibh mar Ghaeilge ar ''[[An réamhfhocal Béarla for agus conas é a aistriú go Gaeilge|for]]'' an Bhéarla sa chiall ''for the sake of''. - Coinnigh cuimhne air gurb é ''ar son'' a úsáidtear i nGaeilge na hAlban le ''for'' an Bhéarla a aistriú i ngach ciall, nach mór.
*''as miosúr, as pabhar'' as cuimse, an-, as compás
Line 32 ⟶ 33:
*''bealach'' á úsáid mar réamhfhocal: ''d'amharc sé bealach na farraige'' = bhreathnaigh sé i dtreo na farraige. ''Bealach mór'' a thugtar ar an mbóthar nó ar an ród i nGaeilge Uladh.
*''bunadh na háite'' muintir (dhúchasach) na háite
*''caochló'' nó ''caochlódh'', gin. ''caochlóidh'' claochlú, athrú
*''cleiteáil'' cniotáil
*''cuifealán'' cruinneagán de dhaoine (leagan é seo den fhocal ''comhthiolán'', ''comhthionól'')
Line 44 ⟶ 46:
*''biadh a ghiollacht (giollaigh)'' bia a sholáthar, a chócaráil, a ghléasadh
*''ghoil, ag goil'': sa chiall "dul", úsáidtear an leagan seo, agus é measctha as ''dul'' agus ''gabháil''. Bíonn sé buanséimhithe, mura bhfuil ''ag'' ag teacht roimhe. Níl an fhoirm seo teoranta do Ghaeilge Uladh amháin, mar is léir do chách a d'fhoghlaim Gaeilge Chonamara ón leabhar úd [[Learning Irish]] le [[Mícheál Ó Siadhail]].
*''iompó'' nó ''iompódh'', gin. ''iompóidh'' iompú, tiontú
*''maistín'' bithiúnach nó bligeard óg, ar nós stócach atá ag déanamh bulaíochta ar a chuid comhscoláirí - nó ag ''maistíneacht'' orthu
*''míodún'' móinéar. Focal iasachta é seo ó ''meadow'' an Bhéarla.
*''moll'' carn, ailp: ''moll cloch'' carn cloch, ''moll airgid'' slám maith airgid
*''monamar'' monabhar
*''muintearas'' gaol; ''duine muinteartha'' gaol, duine gaolmhar
*''murlas'' maicréal
*''oirnéis'' uirlis
*''pabhar'': ''tá sé as pabhar mór'' tá sé an-mhór, tá sé iontach mór
*''rioball'' nó ''ruball'' eireaball
*''sampla'': is ionann ''an sampla bocht'' agus an créatúr bocht i nGaeilge Uladh.
Line 56 ⟶ 61:
*''sceadamán'' scornach
*''scíste'' scíth
*''séala'': ''ar shéala rud a dhéanamh'' le rud a dhéanamh: ''tháinig mé anseo ar shéala an rud seo a dhéanamh'' tháinig mé anseo, agus an rún agam an rud seo a dhéanamh
*''seanbhaile'' nó ''seanbhailéad'' a dhéanamh de scéal, is ionann sin agus paidir chapaill a dhéanamh de, is é sin, an-fhad agus an-leadrán a bhaint as an scéal.
*''smigead'' smig
*''spliúchán'' sparán
*''tír mór'': an mhórthír. Ní chuirtear alt ar bith leis an teilgean cainte ''tír mór'' sa chanúint, ná séimhiú air. ''Tháinig beirt fhear de bhunadh an oileáin ar cuairt ar tír mór''.
*''toisigh/toiseacht'' tosaigh/tosú
*''treaspac'': sparán. Is ar éigean a chloisfeá an focal seo in Ultaibh inniu: focal de chuid chanúint Lár Thír Chonaill é. ''Spliúchán'' an focal a bhí ag Micí Mac Gabhann ar an sparán.
*''tuigbheáil, tuigse'' tuiscint