An difríocht idir athruithe ar: "Earnán de Blaghd"

Content deleted Content added
Aoduibh (plé | dréachtaí)
m Athainmníodh Earnán de Blaghd mar Earnán de Blaghd (Ernest Blythe)
Aoduibh (plé | dréachtaí)
No edit summary
Líne 1:
Polaiteoir, réabhlóidí, agus bainisteoir amharclainne [[Éire]]annach ab ea é '''Earnán de Blaghd''' (Béarla: ''Ernest Blythe'', 13 Aibreán 1889 - 23 Feabhra 1975).
 
[[Protastúnachas|Protastúnach]] as Machaire na gCeall ab ea de Blaghd. Bhí sé ina bhall den IRB agus de Chonradh na Gaeilge agus ghlac sé páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann. Nuair a bhí [[Éirí Amach na Cásca]] faoi lán tseoil i m[[Baile Átha Cliath]], bhí seisean díreach tar éis a bheith curtha sa phríosún. Thug sé an-tacaíocht don [[Conradh Angla-Éireannach|Chonradh Angla-Éireannach]]. Toghadh é ina Theachta Dála do Mhuineachán Thuaidh sa bhliain 1918 agus ó shin go 1922 bhí sé ina Aire ar an Roinn Tionscail agus Trádála. Ceapadh ina Aire Airgeadais é nuair a bhí rialtas [[Liam Tomás Mac Cosgair]] ann. Cáineadh go géar é nuair a d'ísligh sé an pinsean ó deich scilling go naoi scilling; chaill sé a shuíochán san bhliain 1933. Sna 1930í bhí sé ina bhall sinseareach de na [[Léinte Gorma]] agus ina sheanadóir (1933-36), ach d'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 1936 le dul le hamharclannaíocht. Bhí sé ina bhainisteoir ar Amharclann na Mainistreach ó 1941-67.