An difríocht idir athruithe ar: "Clásal díreach"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Tugtar '''clásal díreach''' ar an gcineál clásal coibhneasta sa Ghaeilge atá ag tagairt don duine nó don rud atá ina ainmní nó ina chuspóir sa chlásal choibhneasta féin. ...
 
No edit summary
Líne 1:
Tugtar '''clásal díreach''' ar an gcineál clásal coibhneasta sa Ghaeilge atá ag tagairt don duine nó don rud atá ina ainmní nó ina chuspóir sa chlásal choibhneasta féin. Is é an mhír ''a'' a úsáidtear roimh an mbriathar sa chlásal díreach, agus séimhíonn an t-''a'' seo an briathar. Is é an t-aon eisceacht amháin ná saorbhriathar na haimsire caite ag na briathra rialta, nó ní ghéilleann an fhoirm sin d'aon chineál séimhiú. San aimsir láithreach agus san aimsir fháistineach, is minic a chuirtear ''-as'' leis an mbriathar sa chlásal dhíreach, mura bhfuil iarmhír phearsanta nó iarmhír shaorbhriathair ansin cheana féin. I nGaeilge Chonnacht agus i nGaeilge Uladh is minicí a d'fheicfeá an t-''s'' seo, agus tá glacadh áirithe leis sa teanga scríofa, cé nach cuid den Chaighdeán Oifigiúil é. Féach ar na samplaí seo:
 
# Chonaic mé '''an fear''' ''a'' bhí ina mhúinteoir Gaeilge i Meánscoil Phádraig anuraidh.
# Bhí aithne agam ar '''an mbean''' ''a'' maraíodh sa bhuamáil.
# Sin í '''an bhean''' ''a'' thagann ag glanadh an tseomra gach uile lá. (Sna canúintí, deirtear go coitianta ''a thagas''.)
# '''An fear''' ''a'' thiocfaidh anseo, caithfidh sibh fáilte a fhearadh roimhe go múinte. (D'fheicfeá ''a thiocfas'' i gcanúintí áirithe.)
# Níor chuala mé iomrá ar bith ar '''an ngiorria''' a mharaigh na sealgairí.
# '''Iasc''' is ea é an bradán ''a'' mharaítear go coitianta in Éirinn le haghaidh bia agus trádála.