An difríocht idir athruithe ar: "Rote Armee Fraktion"

Content deleted Content added
Líne 75:
Nuair a tháinig deireadh le fuadach an ''Landshut'', chaill na sceimhlitheoirí i Stammheim deireadh an dóchais, agus chuir siad lámh ina mbásanna féin ar an 18 Deireadh Fómhair. Bhásaigh Gudrun Ensslin, Andreas Baader, agus Jan-Carl Raspe, ach bhí na dochtúirí in ann Irmgard Möller a choinneáil beo.
 
Mharaigh na fuadaitheoirí Hanns-Martin Schleyer. Thángthas ar a chorpán i Mulhouse (Gearmáinis: Mülhausen) san Fhrainc, in aice le teorainn na Gearmáine ar an 19 Deireadh Fómhair. Inniu féin, níl sé soiléir cé a rinne an dúnmharú féin. Na sceimhlitheoirí a bhí páirteach i bhfuadach Schleyer, níor inis siad an taobh sin den scéal.
 
Ar an 11 Bealtaine 1978, rug na póilíní Iúgslavacha ar Brigitte Mohnhaupt, Peter-Jürgen Boock, Sieglinde Hofmann agus Rolf Clemens Wagner i Zagreb. Thairg an Iúgslaiv iad a eiseachadadh go dtí an Ghearmáin, dá mbeadh an rialtas Gearmánach sásta ochtar Crótach a bhí ar a seachnadh ó na húdaráis Iúgslavacha sa Ghearmáin a chimiú agus a thabhairt don Iúgslaiv in éiric na sceimhlitheoirí. Ní raibh an Ghearmáin sásta na Crótaigh a fhágáil faoi luí na bíse ag an Iúgslaiv Chumannach, agus mar sin, cheadaigh na hIúgslavaigh do na sceimhlitheoirí aghaidh a thabhairt ar Éimín Theas.
 
Ar an 25 Meitheamh 1979, rinne an RAF iarracht Alexander Haig, ardcheannasaí na dtrúpaí Meiriceánacha san Eoraip (agus ina dhiaidh sin, Aire Gnóthaí Eachtracha, nó ''Secretary of State'', nuair a bhí Ronald Reagan ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe), a mharú le buama. Chuir siad ábhar pléasctha i bpíobán a bhí ag rith faoin tsráid i gcóngar le Ceanncheathrú ECAT i gCasteau sa Bheilg, agus nuair a bhí a ghluaisteán pearsanta ag tabhairt Haig go dtí an Cheanncheathrú, mhaidhm na sceimhlitheoirí an buama faoin tsráid. Tháinig Haig slán as an iarraidh mharfa, ach rinneadh mangarae dá ghluaisteán.
 
Sna blianta 1978-1982, bhí iarsmaí na sceimhlitheoirí ar a seachnadh sa Mheán-Oirthear nó sa Ghearmáin féin.
 
===An Tríú Glúin===