An difríocht idir athruithe ar: "Cath Dien Bien Phu"
Content deleted Content added
m robot Adding: ar:ديان بيان فو |
m Ag baint Zalp_katyush.jpg amach, scrios Eusebius é ón Chómhaoin mar: Missing essential information: source, license and/or permission |
||
Líne 24:
Rinne na Francaigh botún mór straitéiseach nuair a thóg siad bunáit dá n-aerfhórsa ag [[Dien Bien Phu]], i measc na sléibhte in iarthuaisceart [[Vítneam]]. Theastaigh uathu línte soláthair an Vít Minh a scoilt. Ach, toisc go raibh an bunáit aeir in íochtar an ghleanna, bhí an ginearál Vo Nguyen [[Giap]], in ann é a thimpeallú agus [[Arm na Fraince]] (ina raibh mórán Gearmánach agus daoine as tíortha eile sa [[Léigiún Eachtrannach]]) a chur faoi léigear.
Ghabh na Vít Minh na cnoic ar fad timpeall ar Dien Bien Phu, agus bhí siad in ann scaoileadh síos ar na Francaigh le gunnaí móra airtléire a tugadh isteach trí na coillte ón tSín. Thosaigh troid uafásach thíos sa ghleann freisin agus an dá arm ag tabhairt aghaidh ar a chéile i dtrinsí mar a tharla sa [[Chéad Chogadh Domhanda]]. Arís is arís bhí na Francaigh in ann an fód a seasamh agus na Vít Minh a bhrú siar, le tacaíocht agus soláthair ón aer. Tar éis léigear a mhair dhá mí, chaill na Francaigh an fód agus ghéill siad. In ainneoin a gcaillteanas mór fear, lean na Vít Minh ar aghaidh lena dtóir ar na Francaigh a d'éalaigh a chloí go dtí go raibh deireadh leis an chath.
|