An difríocht idir athruithe ar: "Suíomh Oidhreachta Domhanda"

Content deleted Content added
No edit summary
Undo revision 218545 by 66.222.231.2 (Talk) Too much English
Líne 1:
Chuir Eagraíocht na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] [[UNESCO]] ar bun chun oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha an domhain a chosaint agus a chaomhnú. Aithníodh go raibh séadchomharthaí ann a bhí chomh luachmhar sin gur bhain siad le pobal an domhain uile, agus tugadh '''Suíomh Oidhreachta Domhanda''' ar shuíomh dá leithéid. Spreagadh UNESCO chun na hoibre seo nuair a cinneadh Damba ollmhór a thógáil ar an [[Níl]], abhainn mhór na hAfraice. Chruthófaí tascumar ollmhór uisce i ngleann [[Abu Simbel]] na hÉigipte, áit a raibh teampaill ársa. Bunaíodh feachtas idirnáisiúnta chun tochailt sheandálaíoch a dhéanamh sa cheantar i 1959, agus baineadh teampaill Abu Simbel agus Philae as a chéile chun iad a atógáil ar thalamh tirim. Chosain an feachtas timpeall US$80 milliún ag an am, agus rinne timpeall 50 tír maoiniú air.
 
[[Image:Persepolis 06.jpg|right|150px|thumb|<small>Site #114: [[Persepolis]] ([[Iran]]).</small>]]
As sin tháinig feachtais chosainte eile, sa [[Veinéis]] mar shampla, cathair álainn Iodálach atá i mbaol a báite, sa Phacastáin agus san Indinéis, agus tá liosta fada ionad, idir cheantair leochaileacha nádúrtha agus suíomhanna cultúrtha, ainmnithe anois mar shuíomhanna oidhreachta domhanda.