An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"

Content deleted Content added
Who has been introducing misprints here? It is written "deifnideach", whatever the pronunciation.
Líne 35:
Nuair a síníodh an Conradh, bhí daoine sa chaibinéad ar buile faoi. Bhí sé ar intinn ag de Valera iad a scor ar an toirt ach d'áitigh [[Liam Mac Cosgair]] orthu vóta a chaitheamh. Nuair a vótáil ceathrar duine ar a shon agus triúr ina aghaidh, socraíodh an Conradh a chur faoi bhráid na [[Dáil Éireann|Dála]]. Bhí díospóireacht shearbh ann ansin, nó bhí na daoine ag caitheamh anuas ar a chéile go láidir. Ní raibh siad sásta teacht in araicis a chéile ar aon nós, agus níor thángthas ar aon toradh nó comhréiteach a bheadh sásúil. Ansin, chuaigh na teachtaí ar saoire Nollag. Bhí deis acu, anois, fáil amach faoin dearcadh a bheadh ag lucht a dtacaithe ar an gceist seo, agus bhí formhór mór na cosmhuintire tinn tuirseach den chogadh. Is léir nach bhféadfadh na teachtaí a bheag a dhéanamh de thuairim an phobail agus í chomh láidir sin. Ba mhór an tionchar a d'imir saoire seo na Nollag ar thoradh deifnideach na vótála.
 
Ar an [[16 Nollaig]], [[1922]], vótáil an Dáil ar son an Chonartha, trí vóta is trí scór in aghaidh sé vóta déag is dhá scór. D'éirigh de Valera as Uachtaránacht na Poblachta, agus lucht a leanúna ag tréigean na Dála sna salaísálaí aigesean. Bhí an dá thaobh ag maslú a chéile go searbh, agus ba léir nach raibh sé indéanta a thuilleadh na cúrsaí a thabhairt chun aontais. Cosúil leis an Dáil, chuaigh scoilt ar na hÓglaigh féin. I gcoitinne, chuaigh a lán daoine lena gceannfort áitiúil, agus sa deireadh, bhí mórchuid na nÓglach (go háirithe i g[[Cúige Mumhan]]) ag cur in aghaidh an Chonartha.
 
[[Íomhá:Firstdail.jpg|thumb|260px|An Chéad Dáil]]