An difríocht idir athruithe ar: "Isaac Asimov"

Content deleted Content added
m robot Adding: tl:Isaac Asimov
No edit summary
Líne 5:
==Scéal a Bheatha==
 
Saolaíodh Isaac Asimov i dtús Mhí na Nollag sa bhliain 1920 - is é an dara lá de Mhí na Nollag an dáta oifigiúil, ach níl sé cruinn - i bPetrovichi in aice le Smolensk san [[An tAontas Sóivéadach|Aontas Sóivéadach]] (inniu: [[An Rúis]]). B'Ba iad Anna Rachel Berman agus Judah Asimov a thuismitheoirí. Muilleoirí Giúdacha ab ea iad. Nuair a bhí sé trí bliana d'aois, chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Stáit Aontaithe]]. Mar sin, níor fhoghlaim Isaac óg Rúisis riamh, nó b'ba iad an [[Béarla]] agus an [[Giúdais|Ghiúdais]] an t-aon dá theanga a chuala sé sa bhaile i m[[Brooklyn]] i [[Nua-Eabhrac]]. D'fhoghlaim sé léamh agus scríobh as a stuaim féin nuair a bhí sé cúig bliana d'aois, agus bhí sé riamh ábalta Giúdais a labhairt chomh maith le Béarla. Bhí irisí ficsin eolaíochta ar díol i siopa a thuismitheoirí, agus chuir sé spéis iontu. Nuair a bhí sé aon bhliain déag d'aois, thosaigh sé ag scríobh scéalta dá chuid féin, agus i gceann sraith de bhlianta, bhí na hirisí lónléitheoireachta á gceannach uaidh agus á bhfoilsiú.
 
Bhain sé amach céim ollscoile in Ollscoil Columbia sa bhliain 1939. Naoi mbliana ina dhiaidh sin, rinne sé a dhochtúireacht ansin sa bhithcheimic. Idir an dá linn, chaith sé trí bliana ag obair do Stáisiún Aerthástála an Chabhlaigh in [[Philadelphia]]. Nuair a bhí an cogadh thart cheana féin, coinscríobhadh san Arm é, agus chaith sé naoi mí ansin sular scaoileadh chun siúil faoi onóracha é. Rinneadh ceannaire de, chomh maith agus a bhí sé ag clóscríbhneoireacht, ach sheachain sé an tástáil adamhach in atall Bikini sa bhliain 1946.
Líne 39:
 
 
[[Rang:Scríbhneoirí Meiriceánacha|Asimov, Isaac]]
[[Rang:Ficsean eolaíochta|Asimov, Isaac]]