An difríocht idir athruithe ar: "Cogadh Cathartha na hÉireann"
Content deleted Content added
Póilíniú, not póiliniú. See focal.ie |
Eascoiteannú, not easchoiteannú. |
||
Líne 103:
Tháinig an tsíocháin i Mí na Bealtaine sa bhliain 1923, ach níor chuir sé deireadh leis an dúnmharfóireacht seo. Mar shampla, d'fhuadaigh na Saorstátairí [[Nollaig Lemass]], deartháir [[Seán Lemass|Sheáin]], i Mí Iúil 1923, agus dhumpáil siad a chorpán marbh i sléibhte [[Cill Mhantáin|Chill Mhantáin]], i gcóngar do [[Gleann Cria|Ghleann Cria]], áit ar thángthas air i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain chéanna.
Cruálach is uile mar a bhí an feachtas dúnmharfóireachta seo, ní féidir a rá nach gcuideodh sé leis na Saorstátairí an lámh in uachtar a fháil ar iarsmaí na bhfrith-Chonraitheoirí. Ní raibh na Poblachtánaigh ábalta cath éifeachtúil a chur ar na Státairí, ós rud é nach raibh an daonra sibhialta fonnmhar dídean a thabhairt dóibh anois, mar a bhí le linn [[Cogadh na Saoirse (Éire)|Chogadh na Saoirse]]. Ní raibh an [[Eaglais Chaitliceach]] sásta tacú leo ach an oiread, nó d'eisigh easpaig na hÉireann comhráiteas inar fhógair siad go raibh na frith-Chonraitheoirí
Ar an deichiú lá de Mhí Aibreáin 1923, fuair Liam Ó Loingsigh bás i bpáirc an áir i gContae Phort Láirge. Tháinig Proinsias Mac Aodhagáin i gcomharbas air. I ndeireadh Mhí Aibreáin, d'fhógair sé sos cogaidh, agus go gairid ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh sé forógra do na frith-Chonraitheoirí, inar iarr sé orthu dí-armáil agus éirí as an gcogaíocht nach raibh ciall ná cuspóir léi a thuilleadh.
|