An difríocht idir athruithe ar: "An Albainis"

Content deleted Content added
Ag athdhíriú go Béarla Gallda
MacTire02 (plé | dréachtaí)
Undo revision 221406 by 138.251.242.137 (Talk)
Líne 1:
{{Teanga
#REDIRECT [[Béarla Gallda]]
|ainm=Albainis/Lallainnis/''a' Bheurla Ghallda''
|ainm_sa_teanga=Scots
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[Albain]], [[Tuaisceart Éireann]], [[Poblacht na hÉireann]], [[Sasana]]
|réigiún=[[Galltacht Alban]], [[Gallaibh]], na h[[Oileáin Thuaidh]], [[Cúige Uladh]]
|cainteoirí=200,000[http://www.ethnologue.com/show_language.asp?code=sco]
|rang=-
|líne_ghinealaigh=[[Líne ghinealaigh Ind-Eorpaise|Ind-Eorpais]]

[[Gearmáinic]]

[[Gearmáinic an Iarthair]]

[[Teangacha an Iarthair|Iarthair]]

[[Sean-Shasainis]]

'''Albainis'''
|teanga_oifigiúil_ginideach=-
|rialtóir=-
|iso1=
|iso2=sco
|iso3=sco

[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] Gearmáinice is ea í an '''Albainis''' nó an '''Lallainnis''' (is é an chéad téarma an ceann is minicí a úsáidtear inniu, ach is é an téarma úd ''Lallainnis'' a bhí i g''Ciste Cúrsaí Reatha''; ''Scots'' an t-ainm sa teanga féin) a labhraítear in [[Albain]] agus i d[[Tuaisceart Éireann]]. Tugtar ''Lallainnis'' uirthi i bhfoinsí áirithe Gaeilge chomh maith. Is é an t-ainm a úsáidtear i nGaeilge na hAlban ná ''a' Bheurla Ghallda'', is é sin, "an Béarla Gallda". Inniu, úsáidtear an téarma ''[[Albainis Uladh]]'' go hoifigiúil le tagairt don chineál Albainise a labhraítear i g[[Cúige Uladh]], go háirithe i dTuaisceart Éireann.

Is deacair a rá, cé acu teanga inti féin nó canúint de chuid an Bhéarla í an Albainis. Ón taobh amháin de, glactar leis gur ceann de sheanchanúintí an Bhéarla í an Albainis, ach tá canúintí traidisiúnta seanbhunaithe dá cuid féin ag an Albainis chomh maith. Is féidir dearcadh ar an Albainis freisin mar chuid den [[Béarla|Bhéarla]] mar a labhraítear in Albain é, ach tá sí an-difriúil le [[Béarla na hAlban]], is é sin, an leagan den Bhéarla Chaighdeánach a chleachtaítear in Albain.

Maidir leis na cainteoirí dúchais, is é an t-ainm is minicí a thugann siad ar an teanga ná ''Scots'' nó ''braid Scots'' - is ionann ''braid'' agus ''broad'' an Bhéarla chaighdeánaigh. Is minic nach dtugann siad "Scots" ar a bhfuil á labhairt acu, ach ainmneacha cosúil le ''Doric'' nó ''Buchan Claik'' - is é sin, ainm na canúna cúinge. Ainm seanfhaiseanta é ''Scotch'', ach chluinfeá sa chiall seo é an chorruair in Éirinn. Tá an t-ainm ''Lallans'' bunaithe ar ''Lowlands'' an Bhéarla, agus bhain scríbhneoirí an leabhair úd ''Ciste Cúrsaí Reatha'' úsáid as an leagan Gaeilge ''Lallainnis''. Ainm é a d'fheicfeá ag scríbhneoirí Albanacha cosúil le [[Robert Burns]] agus [[Robert Louis Stevenson]], cuir i gcás.

:''They took nae pains their speech to balance,''
:''Or rules to gie;''
:''But spak their thoughts in plain, braid lallans,''
:''Like you or me.''

Sa sliocht seo, is léir gurb é an chiall atá á cur in iúl leis an bhfocal ''Lallans'' ná "caint na ndaoine", "canúint na ndaoine simplí", seachas aon chineál teanga liteartha nó chaighdeánaithe: "Níor bhuair siad a gcloicne le gramadach ná le rialacha na teanga, ach labhair siad an rud a bhí ar a n-intinn i gcaint shimplí na ndaoine cosúil leat féin nó liomsa." (Robert Burns)

Nuair a thosaigh athbheochan na hAlbainise i dtús na fichiú haoise, baineadh úsáid as an bhfocal Lallainnis nó ''Lallans'' le tagairt don "Albainis shintéiseach" a bhí ag teacht ar an bhfód san am - is é sin, teanga liteartha a bhí curtha i dtoll le chéile as focail chanúnacha chomh maith le focail a tháinig as seanlitríocht na hAlbainise.

==Stair==

Go dtí an [[15ú haois]], b'ionann ''Scottis'' agus Gaeilge na hAlban, agus lucht labhartha na hAlbainise ag tabhairt ''Inglis'' ar an teanga a bhí acu féin. Ina dhiaidh sin, áfach, d'éirigh sé coitianta ''Erse'', is é sin, teanga na h[[Éireann]], a thabhairt ar Ghaeilge na hAlban, agus an t-ainm ''Scottis'' nó ''Scots'' ag tagairt don Albainis feasta.

Ón tseachtú haois ar aghaidh, bhí seanchanúint Nortumbrach an Bhéarla á labhairt in Oir-Dheisceart na hAlban. Bhí an teanga teorannaithe don cheantar seo go dtí an 13ú haois, a fhad agus a bhí Gaeilge na hAlban á labhairt i gcúirt Rí na hAlban. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh an teanga in úsáid i mbuirgeanna na hAlban. Is éard a bhí i gceist leis na buirgeanna ná sórt cathracha a bhí curtha ar bun ag Dáibhí Mac Maol Coilm (Dáibhí a hAon), agus é ina Rí ar Albain sna blianta 1124-1153. An meas a bhí ag na daoine ar an Albainis mar theanga, chuaigh sé i méadaíocht, go háirithe nuair a bhí an [[Fraincis|Fhraincis]] ag imeacht go tiubh. Mar sin, bhí an Albainis á labhairt go forleathan i gcuid mhór d'Oirthear na hAlban ón 14ú haois ar aghaidh.

Mar sin, tá an Albainis bunaithe ar na canúintí a bhí á labhairt sa Nortumbarlainn sna [[An Mheánaois|Meánaoiseanna]]. Cosúil le canúintí na Nortumbarlainne, bhí sí breac le hiasachtaí Fraincise agus Lochlainnise. Níos deireanaí, fuair an Albainis focail ar iasacht ón Íseal-Ghearmáinis agus ón [[Ollainnis]], ó bhí muintir na hAlban ag trádáil le mairneálaigh ó thuaisceart na Gearmáine agus ón [[An Ísiltír|Ísiltír]]. Fuair an Albainis cuid mhór focal ón nGàidhlig chomh maith, ní nárbh ionadh. Go háirithe na téacsaí dlíthiúla ó na Meánaoiseanna, tá siad breac le hiasachtaí Gàidhlig.

==Stádas==
Sa bhliain 1707, chuaigh [[Sasana]] agus Albain le chéile in aon [[Ríocht Aontaithe|ríocht aontaithe]] amháin. Roimhe sin, b'é an meas a bhí ag na daoine ar an Albainis sa dá thír gur teanga ar leith a bhí i gceist leis an Albainis. D'imigh sin, áfach, agus tháinig seo: inniu, is minic a labhraíonn na hAlbanaigh canúintí atá idir eatarthu idir an chanúint Albanach agus an Béarla caighdeánaithe. Bíonn na hAlbanaigh ábalta, ina lán cásanna, [[códmhalartú]] a dhéanamh ó Bhéarla caighdeánaithe go canúint Albanach, de réir mar a theastaíonn uathu. Contanóid atá ann, agus níl sé furasta teorainn shoiléir a shocrú idir "Albainis faoi thionchar an Bhéarla" agus "Béarla faoi thionchar na hAlbainise", ná a rá, cé acu canúintí de chuid Bhéarla na hAlban nó canúintí de chuid na hAlbainise atá i gceist le caint na ndaoine in Albain an lae inniu.

{{síol}}
[[Catagóir:Albain]]
[[Catagóir:Teangacha]]

[[af:Skots]]
[[am:ስኮትኛ]]
[[an:Idioma anglico escozés]]
[[ang:Scyttisce sprǣc]]
[[bs:Škotski jezik]]
[[ca:Scots]]
[[cs:Skotština]]
[[cy:Sgoteg]]
[[de:Scots]]
[[en:Scots language]]
[[eo:Skota lingvo]]
[[es:Escocés (lengua germánica)]]
[[et:Šoti keel]]
[[eu:Scotsera]]
[[fi:Skotin kieli]]
[[fo:Skotskt (mál)]]
[[fr:Scots]]
[[fy:Skotsk]]
[[gd:A' Bheurla Ghallda]]
[[gl:Lingua escocesa]]
[[gv:Baarle Albinagh]]
[[he:סקוטית]]
[[hr:Škotski jezik]]
[[hu:Scots nyelv]]
[[is:Skoska]]
[[it:Lingua inglese di Scozia]]
[[ja:スコットランド語]]
[[ko:스코트어]]
[[kw:Skots]]
[[la:Lingua Scotica (Teutonica)]]
[[li:Sjots]]
[[lij:Lengua scosseise]]
[[lmo:Ingles de la Scossia]]
[[lt:Škotų kalba]]
[[mk:Шкотски јазик]]
[[nds:Scots]]
[[nl:Schots (taal)]]
[[nn:Låglandsskotsk språk]]
[[no:Skotsk]]
[[nrm:Scots]]
[[pl:Język scots]]
[[pms:Lenga scòts]]
[[pt:Scots]]
[[ro:Limba scots]]
[[ru:Шотландский (англо-шотландский) язык]]
[[sco:Scots leid]]
[[simple:Lowland Scots]]
[[sl:Scots]]
[[sv:Lågskotska]]
[[tr:Scots]]
[[uk:Шотландська (германська) мова]]
[[zh:低地蘇格蘭語]]