An difríocht idir athruithe ar: "Amhlaoibh Ó Súilleabháin"

Content deleted Content added
Naisc
Líne 27:
* ''ardchathair'' (príomhchathair)
* ''[[Búrcáil|búrcánaigh]]'' (corpshladaithe, corpghadaithe, daoine a sciobfadh marbháin as na huaigheanna le hiad a dhíol le dochtúirí le haghaidh taighde anatamaíochta)
* ''céalacan a bhriseadh'' bricfeasta a bheith agat. An duine nach raibh a bhricfeasta aige go fóill, deirtear go bhfuil sé ''ar céalacan''. (I nGaeilge an lae inniu, baintear úsáid as an bhfocal ''céalacan'' ó am go ham sa chiall "[[stailc ocrais]]". Is dócha gurbh é [[Máirtín Ó Cadhain]] féin a chuir tús leis an úsáid seo.) Tabhair faoi deara go bhfuil an bunsmaoineamh céanna - ''to break fast'' - le haithint sn fhocal Béarla ''breakfast'', a fuair an Ghaeilge ar iasacht.
* ''cín lae'' a thug Amhlaoibh ar a dhialann; is focal seanársa é ''cín'' a chiallaíonn leabhar. Focal baininsceach is ea é: ''an chín, na cíne''.
* ''cloch-chéimire'' (focal a chum Amhlaoibh le "stone staircase" an Bhéarla chomhaimseartha a aistriú go Gaeilge)