An difríocht idir athruithe ar: "Sergiusz Piasecki"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Scríbhneoir Polannach de phór na Bealarúise ab ea é '''Sergiusz Piasecki''', a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa Bhealarúis) agus a fuair bás ar...
 
Wikify
Líne 1:
{{Bosca Sonraí Scríbhneoir
Scríbhneoir Polannach de phór na Bealarúise ab ea é '''Sergiusz Piasecki''', a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa Bhealarúis) agus a fuair bás ar an 12 Meán Fómhair 1964 i Londain. Bhí sé ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorainne, agus é ag cur troda leis na Polannaigh is na Rúisigh nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach Rúisis agus canúint Bealarúisise nuair a bhí sé óg. Bhí sé ag obair do sheirbhísí faisnéise na Polainne sa chéad leath de na fichidí, ach ansin, chuaigh sé ó smacht orthu, agus é ag tógáil cócaoin agus ag bagairt daoine síochánta. Caitheadh i dtóin an phríosúin é sa bhliain 1926. Ansin, thosaigh sé ag foghlaim Polainnise agus ag scríobh scéalta sa teanga seo faoi eachtraí a shaoil neamhghnách. Thuill an chéad úrscéal foilsithe, ''Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy'' ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar Uachtarán na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh. I rith bhlianta an chogaidh, bhí sé ag cuidiú le ''Armia Krajowa'' ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na Naitsithe. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na Cumannaigh i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais. Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh sé dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - an Ghearmáin agus an tAontas Sóivéadach - i rith an chogaidh, mar atá, ''Człowiek przemieniony w wilka'' ("An Duine i gConriocht") agus ''Dla honoru Organizacji'' ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraoir, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.
| ainm = Sergiusz Piasecki
| íomhá = Piasecki.jpg{{!}}133px
| dáta_breithe = t.[[1900]]/[[1901]]
| áit_bhreithe = Lachowicze
| dáta_báis = [[12 Meán Fómhair]], [[1964]]
| áit_bháis = [[Londain]], [[Sasana]]
| gairm = Scríbhneoir
}}
 
Scríbhneoir [[An Pholainn|Polannach]] de phór na Bealarúise ab ea é '''Sergiusz Piasecki''', a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa [[An Bhealarúis|Bhealarúis]]) agus a fuair bás ar an [[12 Meán Fómhair]] [[1964]] i [[Londain]].
 
Bhí sé ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorainne, agus é ag cur troda leis na Polannaigh is na Rúisigh nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach [[Rúisis]] agus canúint [[Bealarúisis|Bealarúisise]] nuair a bhí sé óg.
 
Bhí sé ag obair do sheirbhísí faisnéise na Polainne sa chéad leath de na fichidí, ach ansin, chuaigh sé ó smacht orthu, agus é ag tógáil cócaoin agus ag bagairt daoine síochánta. Caitheadh i dtóin an phríosúin é sa bhliain 1926. Ansin, thosaigh sé ag foghlaim Polainnise agus ag scríobh scéalta sa teanga seo faoi eachtraí a shaoil neamhghnách.
 
Thuill an chéad [[úrscéal]] foilsithe, ''Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy'' ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar Uachtarán na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh.
 
I rith bhlianta an chogaidh, bhí sé ag cuidiú le ''Armia Krajowa'' ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na [[Naitsithe]]. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na [[Cumannachas|Cumannaigh]] i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais.
 
Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh sé dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - [[an Ghearmáin]] agus [[an tAontas Sóivéadach]] - i rith an chogaidh, mar atá, ''Człowiek przemieniony w wilka'' ("An Duine i gConriocht") agus ''Dla honoru Organizacji'' ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraoir, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.
 
{{DEFAULTSORT:Piasecki, Sergiusz}}
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1901]]
[[Catagóir:Básanna i 1964]]
[[Catagóir:Scríbhneoirí]]
 
[[be-x-old:Сяргей Пясэцкі]]
[[en:Sergiusz Piasecki]]
[[it:Sergiusz Piasecki]]
[[pl:Sergiusz Piasecki]]