An difríocht idir athruithe ar: "Óglaigh Uladh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Eagraíocht mhíleata a bunaíodh i 1912 chun cur i gcoinne [[Féinriail]] d'[[Éire|Éirinn]] is ea '''Óglaigh Uladh''' ('''UVFUVP''', nó as Béarla, na ''Ulster Volunteers'', agus tar éis sin an ''Ulster Volunteer Force''). Bhunaigh an dlíodóir [[Edward Carson]], [[James Craig]], agus ceannairí aontachtaithe agus dílseacha i g[[Cúige Uladh]] na hÓglaigh agus bhagair siad éirí amach fuilteach dá mbunófaí parlaimint i m[[Baile Átha Cliath]]. 'Home Rule is Rome Rule' agus 'Ulster will fight and Ulster will be right' na manaí a bhí acu. Shínigh os cionn dhá chéad míle duine Cúnaint agus cuireadh eagar míleata orthu. Ceannaíodh na mílte gunnaí agus armlón as [[Hamburg]] sa [[an Ghearmáin|Ghearmáin]] agus tugadh isteach go [[Latharna]] iad. Dhiúltaigh oifigigh de chuid [[Arm na Breataine]] in Éirinn gníomhú in éadan na bparamhíleatach seo, agus bunaíodh [[Óglaigh na hÉireann]] ([[IRA]] an lae inniu) faoi cheannas cheannaire an Pháirtí Náisiúnta, [[John Redmond]], mar fhreagra ar a mbagairt don fhéinriail. Nuair a ceadaíodh an fhéinriail faoi dheireadh i 1920 rinneadh críochdheighilt ar Éirinn agus tugadh a bparlaimint féin d'aontachtóirí Uladh, agus flaitheas aici ar shé chinn de chontaetha Chúige Uladh.
 
Tháinig eagraíocht sceimhlitheoireachta sheicteach chun cinn sna 1960í faoin ainm Ulster Volunteer Force (UVF); d'úsáid siad pléascáin agus feallmharú in aghaidh an phobail Chaitlicigh, agus tá neart fianaise ann go bhfuil siad gníomhach go fóill, go háirithe i smugláil agus i ndíol drugaí. Is ar éigean gur éirigh leo aon ionadaíocht a bhaint amach i dtoghcháin le blianta anuas. [[An Páirtí Aontachtach Forásach]] an grúpa polaitiúil is gaolta leis an UVF fao láthair.