An difríocht idir athruithe ar: "Eoghan Ó Tuairisc"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Scríbhneoir Gaeilge agus ealaíontóir ab ea é '''Eoghan Ó Tuairisc''' (Béarla: ''Eugene Watters'', Béal Átha na Sluaighe 1919 - 1982). Chaith sé seal sna saighdiúirí nuair ...
 
No edit summary
Líne 1:
Scríbhneoir Gaeilge agus ealaíontóir ab ea é '''Eoghan Ó Tuairisc''' (Béarla: ''Eugene Watters'', Béal Átha na Sluaighe 1919 - 1982). Chaith sé seal sna saighdiúirí nuair a bhí sé óg agus bhain sé amach céim i litríocht an Bhéarla i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. Chuaigh sé le múinteoireacht ansin, ach sa bhliain 1962, d'éirigh sé as an obair sin le bheith ina scríbhneoir lánaimseartha. Bhí sé ina eagarthóir ar ''Feasta'', iris Chonradh na Gaeilge, sna blianta 1962-1965.
 
Scríobh sé lear mór ábhair sa dá theanga, idir Bhéarla agus Ghaeilge: aistí, filíocht, drámaí agus úrscéalta. Is iad an dá úrscéal stairiúla - ''L'Attaque'', a thugann cur síos ar imeachtaí Bhliain na bhFrancach i Maigh Eo, agus ''Dé Luain'', ina bpléitear Éirí Amach na Cásca - is mó a thuill a cháil dó i measc lucht na Gaeilge.