An difríocht idir athruithe ar: "Sergiusz Piasecki"

Content deleted Content added
Wikify
No edit summary
Líne 9:
}}
 
Scríbhneoir [[An Pholainn|Polannach]] de phór na Bealarúise ab ea é '''Sergiusz Piasecki''' (Bealarúisis: ''Сяргей Пясэцкі/Siarhiej Piasecki'', a rugadh timpeall na bliana 1900 i Lachowicze (inniu, Lachavičy sa [[An Bhealarúis|Bhealarúis]]) agus a fuair bás ar an [[12 Meán Fómhair]] [[1964]] i [[Londain]].
 
Bhí sé ina ógchiontóir, ina choirpeach agus ina smuigléir nár fhoghlaim aon cheird ach amháin ceird an fhoghlaí teorainne, agus é ag cur troda leis na Polannaigh is na Rúisigh nó ag comhoibriú leo de réir mar ab fhearr leis. Níor fhoghlaim sé ach [[Rúisis]] agus canúint [[Bealarúisis|Bealarúisise]] nuair a bhí sé óg.
Líne 17:
Thuill an chéad [[úrscéal]] foilsithe, ''Kochanek Wielkiej Niedźwiedzicy'' ("Grá Geal an Bhéir Mhóir"), clú agus cáil dó. Sa bhliain 1937, scaoileadh saor leis, ó bhí scríbhneoirí móra na Polainne ag impí ar Uachtarán na Poblachta Ignacy Mościcki gan é a choinneáil i mbraighdeanas a thuilleadh.
 
I rith bhlianta an chogaidh, bhí sé ag cuidiú le ''[[Armia Krajowa]]'' ("An tArm Intíre"), gluaiseacht frithbheartaíochta na bPolannach a bhí ag troid na [[Naitsithe]]. I ndiaidh an chogaidh, d'éalaigh sé ón bPolainn, nuair a tháinig na [[Cumannachas|Cumannaigh]] i gcumhacht, agus shocraigh sé síos i Londain. Scríobh sé a lán úrscéalta faoina chuid eachtraí, chomh maith le haoirscéalta frith-Chumannacha, ó bhí sé go tréan in aghaidh an Chumannachais.
 
Go gairid roimh a bhás, d'fhoilsigh sé dhá úrscéal faoi shaol na bPolannach idir dhá thine Bealtaine - [[an Ghearmáin]] agus [[an tAontas Sóivéadach]] - i rith an chogaidh, mar atá, ''Człowiek przemieniony w wilka'' ("An Duine i gConriocht") agus ''Dla honoru Organizacji'' ("Ar son Onóir na hEagraíochta"). Faraoir, ní raibh i ndán dó an tríú húrscéal sa tsraith a chríochnú.