An difríocht idir athruithe ar: "Armia Krajowa"

Content deleted Content added
Leathanach nua: Ba é '''''Armia Krajowa''''', nó ''An tArm Intíre'', an ghluaiseacht frithbheartaíochta ba mhó sa Pholainn i rith an Dara Cogadh Domhanda. Ba é ''Związek Walki Zbrojnej'' ("Ao...
 
No edit summary
Líne 1:
Ba é '''''Armia Krajowa''''', nó ''An tArm Intíre'', an ghluaiseacht frithbheartaíochta ba mhó sa Pholainn i rith an Dara Cogadh Domhanda. Ba é ''Związek Walki Zbrojnej'' ("Aontas na Gleice Armtha''") ba chéadsíol leis an Arm Intíre, agus fuair sé an t-ainm nua i Mí Feabhra 1942. Ina dhiaidh sin, chuaigh an chuid ba mhó de na gluaiseachtaí frithbheartaíochta leis an Arm Intíre. D'fhan an tArm dílis don rialtas ''émigré'' i Sasana, agus is gnách dearcadh air mar arm na Polainne Rúnda i rith an chogaidh. Is deacair a rá cé mhéad treallchogaithe a bhí ann ar fad, ach is dócha go raibh líon na saighdiúirí rúnda seo idir 200,000 agus 600,000. Scoireadh an tArm Intíre ar an 20 Eanáir 1945, nuair a bhí an chuid ba mhó de na Gearmánaigh bailithe leo agus iad ag teitheadh roimh an Arm Sóivéadach.
 
{{síol}}