An difríocht idir athruithe ar: "Suíomh Oidhreachta Domhanda"

Content deleted Content added
No edit summary
m Filleadh eagarthóireachtaí le 66.222.231.2 (Plé); d'athúsáideadh an athrú seo caite le Purbo T
Líne 1:
[[Image:Persepolis 06.jpg|right|150px|thumb|<small>Site #114: [[Persepolis]] ([[An Iaráin]]).</small>]]
Chuir Eagraíocht na [[Náisiúin Aontaithe|Náisiún Aontaithe]] [[UNESCO]] ar bun chun oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha an domhain a chosaint agus a chaomhnú. Aithníodh go raibh séadchomharthaí ann a bhí chomh luachmhar sin gur bhain siad le pobal an domhain uile, agus tugadh '''Suíomh Oidhreachta Domhanda''' ar shuíomh dá leithéid. Spreagadh UNESCO chun na hoibre seo nuair a cinneadh Damba ollmhór a thógáil ar an [[Níl]], abhainn mhór na hAfraice. Chruthófaí tascumar ollmhór uisce i ngleann [[Abu Simbel]] na hÉigipte, áit a raibh teampaill ársa. Bunaíodh feachtas idirnáisiúnta chun tochailt sheandálaíoch a dhéanamh sa cheantar i 1959, agus baineadh teampaill Abu Simbel agus Philae as a chéile chun iad a atógáil ar thalamh tirim. Chosain an feachtas timpeall US$80 milliún ag an am, agus rinne timpeall 50 tír maoiniú air.