An difríocht idir athruithe ar: "Diarmaid Ó Súilleabháin"

Content deleted Content added
Catagóir nua - Drámadóirí Éireannacha
Naisc, cat.
Líne 1:
Rugadh '''Diarmaid Ó Súilleabháin''' ([[1932]]-[[1985]]) in aice leis na hAoraí i leithinis Bhéara, [[Contae Chorcaí]]. Fuair sé a chuid meánscolaíochta i gColáiste Íosagáin, [[Baile Bhuirne]] agus chuaigh as sin go [[Coláiste Phádraig, Droim Conrach|Coláiste Phádraig, Droim Chonrach]] chun oiliúint a fháil mar mhúinteoir bunscoile. Bhí sé ag obair le daltaí bodhra i mBaile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain tar éis dó cáiliú i 1951. Chaith sé dhá bhliain eile ag obair ina cheantar dúchais sula bhfuair sé post buan i Scoil na mBráithre i n[[Guaire]]. Phós sé Úna Ní Chléirigh as [[Contae na Mí]] i 1954 agus bhí cúigear clainne acu.
 
Bhí an Ghaeilge ag fáil bháis ina cheantar dúchais agus an Súilleabhánach óg, ach spreag daoine a bhí páirteach i ngluaiseacht na Saoirse i mBéara a spéis sa teanga agus sa pholaitíocht. Bhí cúigear uncail dá chuid páirteach i g[[Cogadh na Saoirse]], agus ba phoblachtánach diongbháilte é Diarmaid ar feadh a shaoil. Bhí sé ina bhall gníomhach de [[Sinn Féin|Shinn Féin]] agus cuireadh i bpríosún é i 1972 de bharr óráidí a rinne sé ag tacú le feachtas [[na Sealadaigh|na Sealadach]] i dtús na seachtóidí. Bhí sé ar Ard Chomhairle Shinn Féin agus ina stiúrthóir poiblíochta ag gluaiseacht na poblachta.
Líne 9:
Bhí drochshláinte ag Diarmaid Ó Súilleabháin ó bhí sé ina fhear óg, agus d'éag sé ar an [[5 Meitheamh]] [[1985]] in aois a 53 bliana.
 
Tá leabhar scríofa faoina shaothar liteartha ag Iarla Mac Aodha Bhuí: "Diarmaid Ó Súilleabháin: Saothar Próis" a d'fhoilsigh an Clóchomhar i 1992. Scríobh Seosamh Ó Murchú, atá anois ag obair mar Eagarthóir Sinsearach leis an nGúmn[[An Gúm|Gúm]], tráchtas ar shaothar Uí Shúilleabháin don MA sa Nua-Ghaeilge, [[Coláiste Phádraig, Má Nuad]], i lár na n-ochtóidí.
 
[[Rang:Daoine a rugadh i 1932|Súilleabháin, Diarmaid Ó]]
[[Rang:Básanna i 1985|Súilleabháin, Diarmaid Ó]]
[[Rang:Scríbhneoirí Éireannacha|Súilleabháin, Diarmaid Ó]]
[[Rang:Drámadóirí Éireannacha|Súilleabháin, Diarmaid Ó]]
[[Rang:Daoine as Contae Chorcaí|Súilleabháin, Diarmaid Ó]]
[[Rang:Daoine a rugadh i 1932|Súilleabháin, Diarmaid Ó]]
[[Rang:Básanna i 1985|Súilleabháin, Diarmaid Ó]]
 
[[de:Diarmaid Ó Súilleabháin]]