[[Image:Ireland vs Georgia, Rugby World Cup 2007 line up.jpg|right|220px|thumb|[[Foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann]] i gcoinne [[an tSeoirsia]] (2007)]]
Tá áit thábhachtach ag an [[spórt]] in [[Éire}|Éirinn]]. Tá a gcluichí traidisiúnta féin ag na hÉireannaigh. Is iad [[iomáint]], [[peil Ghaelach]], [[Camógaíocht|camógaí]] agus [[Liathróid láimhe|liathróid láimhe]]. Is é [[Cumann Lúthchleas Gael]] ainm an eagraíocht atá i gceannas na gcluichí seo in Éirinn. Is iad na cluichí traidisiúnta atá is coitianta in Éirinn, ach tá gach saghas spórt le fáil freisin. Tá suim ag go leor daoine sa [[sacar]] freisin, agus faigheann [[Foireann náisiúnta sacair Phoblacht na hÉireann|foireann sacair na hÉireann]] a lán tacaíochta inniu. Chomh maith leis sin, tá [[galf]], [[snúcar]] agus [[rugbaí]] coitianta freisin. Imríonn [[foireann náisiúnta rugbaí na hÉireann]] (agus [[Cumann Rugbaí na hÉireann|IRFU]]) ar son an oiléain ar fad i g[[Comórtas na Sé Náisiún]].