An difríocht idir athruithe ar: "An Rúisínis Phanónach"

Content deleted Content added
MacTire02 (plé | dréachtaí)
+naisc, +síol, +IV, +teimpléad:teangacha
m Naisc
Líne 13:
|iso3=rue
}}
[[Teangacha Slavacha|Teanga Shlavach]] is ea í an '''Rúisínis Phanónach''' (''bačvan'ska ruska bešeda/бачваньска руска бешеда'') a labhraítear in áiteanna sa [[An Vóvaidín|Vóvaidín]] agus in oirthear na [[An Chróit|Cróite]]. Tá [[Teanga oifigiúil|stádas oifigiúil]] aici sa Vóvaidín. Tháinig Rúisínigh na Vóvaidíne ó oirthear na [[An tSlóvaic|Slóvaice]] san ochtú haois déag, agus cé go bhfuil an chuid is mó de na teangeolaithe barúlach gur teanga Shlavach Oirthearach atá ann, nó fiú canúint [[Úcráinis]]e, bhí na canúintí Rúisíneacha go leor chomh mór faoi thionchar na [[Slóvaicis]]e agus go bhfuil [[Teangeolaíocht|teangeolaithe]] easaontacha ann a cheapann go bhfuil siad níos cóngaraí don tSlaivis Iartharach (an tSlóvaicis agus an [[Polainnis|Pholainnis]] mar shampla). Na hiarrachtaí a rinneadh i dtíortha éagsúla leis an Rúisínis a chaighdeánú, áfach, tharla siad beag beann ar a chéile, agus ní féidir a rá go mbeadh comhtheanga scríofa ag na Rúisínigh go léir.
 
Maidir leis an Rúisínis Phanónach, fuair sí caighdeán scríofa i dtús na seachtóidí. Tá an caighdeán sin bunaithe go hiomlán ar chaint na ndaoine i sráidbhailte Rúisíneacha na Vóvaidíne. Úsáidtear an aibítir Choireallach, maille le cupla litir bhreise atá le fáil in aibítir na hÚcráinise freisin (Ґ ґ, Ї ї, Є є), ach cé go bhfuil aibítir an dá theanga sách cosúil le chéile, ní hionann í.
Líne 21:
{{síol}}
[[Catagóir:Teangacha Slavacha]]
[[Catagóir:Teangacha]]
 
[[de:Jugoslawo-russinische Sprache]]