An difríocht idir athruithe ar: "Pleanáil teanga"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 1:
Is éard is '''pleanáil teanga''' ann ná iarracht eagraithe atá meáite ar fhadhbanna praiticiúla in úsáid na teanga a fhuascailt, ceart na teanga a shainaithint is a shainmhíniú agus an teanga féin a chur chun cinn sa tsochaí. Cé gur minic a shíltear gur smaoineamh nua í an phleanáil teanga, seanchleachtadh is ea é, nó nuair nach raibh acadaimh ná forais teanga (cosúil le hAcadamhh[[Acadamh na Fraince]] nó le [[KOTUS]] san Fhionlainn, mar shampla), bhí na ríthe agus na himpirí ag féachaint lena dtuiscint féin ar an teanga agus ar úsáid na teanga a chur i bhfeidhm ar an tsochaí. Bhí filí agus scríbhneoirí i mbun pleanáil teanga freisin ina lán áiteanna. Nuair a bhí an [[Nua-Ghaeilge Chlasaiceach]] i réim in Éirinn go fóill, mar shampla, ba iad na filí agus na cúirteanna filíochta a d'fhéach chuige nach scinnfeadh an úsáid i bhfad ón gcleachtas ceart. Sin é an tuige go dtugtar Ceart na bhFilí (nó "Ceart na bhFileadh", i nGaeilge na linne) ar chaighdeán na linne Clasaicí, roimh "[[Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh|thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh]]" sa 17ú haois. Is féidir a rá freisin go raibh "pleanáil teanga" in aghaidh na Gaeilge idir lámhaibh ag an stát Gallda ar feadh i bhfad.
 
Bhí Einar Haugen - teangeolaí clúiteach Meiriceánach de phór na hIorua - a cheap an téarma sin "pleanáil teanga", nuair a bhí sé ag tagairt don pholasaí teanga san Iorua.
 
Deir cuid mhaith daoine nach féidir teanga a phleanáil ná tionchar a imirt ar a fás nádúrtha - gurb ionann é go bunúsach agus bagairt ar an ngaoth. Sin é an tuiscint a bhíonn ag a lán i saol an Bhéarla, agus iad barúlach nach ndearnadh pleanáil ar bith ar a dteanga féin riamh. Is amhlaidh, áfach, gur pleanáil teanga de chineál éigin a bhí i gceist le foclóirí [[Samuel Johnson]] agus [[Noah Webster]], agus go ndeachaigh moltaí úsáide an dá fhoclóir seo go mór mór i bhfeidhm ar chleachtadh scríofa an Bhéarla, ionas go raibh meas an chaighdeáin ag a lán orthu.
 
Pleanálaithe tábhachtacha teanga i dtíortha eile ab ea iad, mar shampla, [[Kemal Atatürk]], [[Ivar Aasen]], [[Vuk Stefanović Karadžić]] agus [[Johannes Aavik]], mar shampla.
 
* Chuala an saol iomrá ar Atatürk mar cheannaire na náisiúnaithe Turcacha, ach thairis sin, bhí an-ról aige i nua-aoisiú na teanga Tuircise, nó thug sé isteach na litreacha Laidineacha sa Tuircis (in áit na haibítre Arabaí a bhí in úsáid go dtí sin) agus chuir sé tús le hathnuachan an stór focal a bhí leis an gcuid ba mhó de na hiasachtaí Araibise agus Peirsise a ruaigeadh as an teanga - le fírinne, ní thuigfeadh Turcach an lae inniu mórán d'óráidí Atatürk féin mar a chualathas an chéad uair iad, ó tá siad breac le focail Araibise agus Pheirsise nach gcloisfeá i dTuircis an lae inniu in aon chor.