An difríocht idir athruithe ar: "Pleanáil teanga"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 1:
Is éard is '''pleanáil teanga''' ann ná iarracht eagraithe atá meáite ar fhadhbanna praiticiúla in úsáid na teanga a fhuascailt, ceart na teanga a shainaithint is a shainmhíniú agus an teanga féin a chur chun cinn sa tsochaí. Cé gur minic a shíltear gur smaoineamh nua í an phleanáil teanga, seanchleachtadh is ea é, nó nuair nach raibh acadaimh ná forais teanga (cosúil le h[[Acadamh na Fraince]] nó le [[Lárionad Taighde na dTeangacha Dúchasacha (An Fhionlainn)|KOTUS]] san Fhionlainn, mar shampla), bhí na ríthe agus na himpirí ag féachaint lena dtuiscint féin ar an teanga agus ar úsáid na teanga a chur i bhfeidhm ar an tsochaí. Bhí filí agus scríbhneoirí i mbun pleanáil teanga freisin ina lán áiteanna. Nuair a bhí an [[Nua-Ghaeilge Chlasaiceach]] i réim in Éirinn go fóill, mar shampla, ba iad na filí agus na cúirteanna filíochta a d'fhéach chuige nach scinnfeadh an úsáid i bhfad ón gcleachtas ceart. Sin é an tuige go dtugtar Ceart na bhFilí (nó "Ceart na bhFileadh", i nGaeilge na linne) ar chaighdeán na linne Clasaicí, roimh "[[Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh|thonnbhriseadh an tseanghnáthaimh]]" sa 17ú haois. Is féidir a rá freisin go raibh "pleanáil teanga" in aghaidh na Gaeilge idir lámhaibh ag an stát Gallda ar feadh i bhfad.
Bhí Einar Haugen - teangeolaí clúiteach Meiriceánach de phór na hIorua - a cheap an téarma sin "pleanáil teanga", nuair a bhí sé ag tagairt don pholasaí teanga san Iorua.
|