An difríocht idir athruithe ar: "Micreathonnán"

Content deleted Content added
m robot Modifying: pt:Forno de micro-ondas
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Microwave oven.jpg|thumb|deas|200px|Micreathonnán]]
 
Is é is '''micreathonnán''' nó '''oigheann micreathonnta''' ann ná gléas cócaireachta ina n-úsáidtear micreathonnta, is é sin, radaíocht a bhfuil minicíocht agus tonnfhad na [[radathonnta]] is airde minicíochta[[minicíocht]]a, nó is lú [[tonnfhad|tonnfhaid]], aici. D'fhéadfá a rá go bhfuil na micreathonnta idir na gnáth-radathonnta agus an [[radaíocht infridhearg]] (an radaíocht teasa). Is é an tonnfhad is tipiciúla ag na micreathonnta san oigheann den chineál seo ná 12.24 cm, agus é ag freagairt do mhinicíocht 2.45 GHz. Is é an rud atá ag tarlú le linn úsáid an mhicreathonnáin ná go bhfuil na micreathonnta ag dul tríd an mbia agus an bia ag glacadh fuinnimh chuige ó na tonnta tríd an bpróiseas ar a dtugtar téamh tréleictreach. Tá a lán móilíní ann, sa bhia féin, a bhfuil [[móimint dhépholach]] ag baint leo, is é sin, is féidir pol leictreach diúltach agus pol leictreach deimhneach a aithint ar an [[móilín]], ós rud é nach bhfuil na [[Leictreon|leictreoin]] scaipthe cothrom ar fud an mhóilín. Faoi thionchar na micreathonnta, tosóidh na móilíní seo ag iarraidh iad féin a chur faoi ordú a cheadódh dóibh pol diúltach a chur in aice le pol deimhneach an mhóilín eile agus a mhalairt. Ansin, tosóidh siad ag rothlú, agus is é an rothlú seo is cúis leis an téamh.
 
Tá an t-uisce comhdhéanta as móilíní dépholacha, agus mar sin, oibríonn an micreathonnán go maith air. Ní bhíonn na móilíní saille nó [[siúcra]] chomh maith céanna á dtéamh, ós rud é nach bhfuil siad chomh dépholach leis an [[uisce]]. Ní bhíonn mórán maithe sa mhicreathonnán leis an uisce sioctha (oighear) a théamh ach an oiread, ós rud é nach bhfuil cead rothlaithe ag na móilíní uisce i gcriostal an oighir.
 
Is minic a shíltear go dtéitear an bia sa mhicreathonnán "ón taobh istigh", is é sin, go ngintear an teas taobh istigh den [[bia|bhia]]. Ní mar sin atá, áfach. Is é dromchla an bhia is mó a ghlacann an teas ón [[radaíocht]] micreathonnta, díreach mar a bhíonn ag tarlú i ngnáth-oigheann. Scéal eile ar fad é go mbíonn na micreathonnta, go háirithe na micreathonnta is airde minicíochta agus is giorra tonnfhaid, in ann dul síos trí dhromchla an bhia an áit a bhfuil sé tirim.
 
===Struchtúr an mhicreathonnáin===