An difríocht idir athruithe ar: "Inis Iocht"

Content deleted Content added
m robot Adding: he:האי וייט
No edit summary
Líne 1:
[[Íomhá:Wight.png|thumb|deas|250px|Íomhá satailíte d'Inis Iocht]]
 
Is oileán agus contae de chuid [[An Ríocht Aontaithe|na Ríochta Aontaithe]] í '''Inis Iocht'''<ref>http://www.focal.ie/Search.aspx?term=Inis+Iocht</ref> (''Isle of Wight'' as [[Béarla]]). Tá sí suite trí mhíle amach ó chósta theas Chontae Hampshire i [[Sasana]], agus í á scarúintscartha ón mór-thírmórthír ag ancaolas mara a dtugtar [[Solent]] air. Tá an-ráchairt ar an oileán seo ón ré Victeoiriach i leith, mar ionad saoire. Tá cáil uirthi as áilleacht a tírdhreacha chomh maith.
 
Tá stair shaibhir ilghnéitheach ag Inis Iocht. Ríocht neamhspleách a bhí ann ar feadh tamaillín sa chúigiú haois déag. Bhí cónaí ar an bhfile Alfred Lord Tennyson ansin, agus chaith an Bhainríon Victeoiria féin deireadh a saoil in Osborne House, an teach saoire a bhí aici in Inis Iocht. Áit mhór tógála bád a bhí in Inis Iocht riamh, ach, de bharr na forbartha teicneolaíochta, tógadh eitleáin uisce san oileán freisin, chomh maith leis an gcéad sciorrárthach (árthach foluaineach) i stair an chine dhaonna.
 
Ba chuid de Chontae Hampshire í go dtí an bhliain 1890, agus tá canúint an oileáin an-chosúil le canúint tuaithe Hampshire, cé go bhfuil cuid mhaith focal dá gcuid féin ag muintir Inis Iocht. Bhí 132,731 duine ina gcónaí san oileán sa bhliain 2001, agus aon duine amháin ag déanamh feisireachta dóibh i bparlaimint Westminster.
 
San úrscéal ficsin eolaíochta ''The Day of the Triffids'' le [[John Wyndham]], shocraigh iarmharáin na holltubaiste domhanda in Inis Iocht sa deireadh, le coilíneacht dá gcuid féin a bhunú ansin.
 
==Tagairtí==