An difríocht idir athruithe ar: "Breandán Ó Beacháin"
Content deleted Content added
athruithe beaga ar cúpla rud |
|||
Líne 2:
[[Scríbhneoir]] [[Éire]]annach ab ea '''Breandán Ó Beacháin''' ([[Béarla]]: ''Brendan Behan'') ([[9 Feabhra]] [[1923]] - [[20 Márta]] [[1964]]).
Rugadh i m[[Baile Átha Cliath]] é sa bhliain 1923. Bhí sé ina
==Saol==
Rugadh Breandán Ó Beacháin i lár chathair [[Baile Átha Cliath|Bhaile Átha Cliath]] ar an [[9 Feabhra]] 1923. Bhí cónaí ar an teaghlach i dteach a sheanmháthar, bean a raibh roinnt tithe aici sa cheantar.
Ba d'aicme an lucht oibre iad agus bhí a athair ina phéintéir tí. Bhí an-dúil sa léann acu, áfach, agus ba ghnách leis an athair scéalta clasaiceacha Béarla a léamh dá chlann ag am luí. Thógadh an
D'fhág Breandán an scoil agus é tri bliana déag agus lean sé lorg a athar sa phéintéireacht.
==Gníomhaíocht Phoblachtach==
I 1937 bhog an teaghlach amach chun cónaí i scéim nua tithíochta de chuid an údaráis áitiúil i gCromghlinn, bruachbhaile de Bhaile Átha Cliath. Chuaigh Breandán isteach i bhFianna Éireann, eagraíocht
==An Scríbhneoir==
[[Íomhá:Brendan Behan and Jackie Gleason NYWTS.jpg|clé|250px|thumb|Breandán le [[Jackie Gleason]].]]
D'imir a tharla dó sa phríosún an-tionchar ar scríbhneoireacht Uí Bheacháin. Scríobh sé a chéad dráma, ''The Landlady'', i Muinseo agus thosaigh sé ag scríobh gearrscéalta agus próis eile ann freisin. Cuireadh cuid dá shaothar i gcló in The Bell príomhiris litríochta na hÉireann na linne sin. D'fhoghlaim sé Gaeilge sa phríosún agus, tar éis dó bheith scaoilte saor i 1946, chaith sé tamall i n[[Gaeltacht|nGaeltachtaí]] na Gaillimhe agus Chiarraí, áit ar thosaigh sé ag scríobh filíochta i nGaeilge. Faoi thús na gcaogaidí bhí sé in ann teacht i dtír ar a scríbhneoireacht don raidió agus do na nuachtáin agus bhí cáil bainte amach aige mar fhear barrúil ar shráideanna Bhaile Átha Cliath agus i measc lucht litríochta.
Tháinig ardú mór ar a cháil i 1954 nuair a léiríodh dráma leis, ''The Quare Fella'' (béarlagair príosúin ar ‘duine daortha chun báis’), sa Pike Theatre i mBaile Átha Cliath. Mhair sé ar stáitse ar feadh sé mhí. I 1956 léiríodh sa [[West End]] i [[Londain]] agus ar Broadway i [[Nua-Eabhrac (cathair)|Nua-Eabhrac]] é agus bhain an Beachánach clú idirnáisiúnta amach dá bharr. I 1958 léiríodh dráma beag Gaeilge leis, ''An Giall'' (tháinig an leagan Béarla '
==Deireadh Ré==
D'ól Breandán Ó Beacháin go trom ar feadh na mblianta. Bualadh tinn é le diaibéiteas go luath sna seascaidí. Ina dhiaidh sin, ba mhinic é ar meisce go poiblí, ar an stáitse agus fiú ar teilifís i 1956. Bhí gach leabhar dá chuid a foilsíodh tar éis 1957 bunaithe ar thaifeadadh a rinneadh leis, nó a scríobhadh i bhfad roimhe sin iad.
Fuair sé bás in Ospidéal na Mí, Baile Átha Cliath i 1964 agus é bliain is daichead, agus cuireadh i [[Reilig Ghlas Naíon]] é.
Líne 28:
===Drámaí===
*''[[The Quare Fellow]]'' (1954)
*''[[An Giall]]'' (1958), (
**Scríobh sé as Gaeilge é, agus d'aistrigh sé é go mBéarla, (''The Hostage'') ach é a bheith i bhfad níos faide.
*''[[Richard's Cork Leg]]'' (1972)
*''[[Moving Out]]'' (dráma le gníomh amháin)
Líne 49:
===Beathaisnéis===
*''[[My Brother Brendan]]'' le [[Dominic Behan]]
*''[[Brendan Behan]]'' le [[Ulick O'Connor]] 1970
*''[[The Brothers Behan]]'' le [[Brian Behan]]
*''[[With Brendan Behan]]'' le Peter Arthurs
*''[[Brendan Behan A life]]'' le Michael O'Sullivan 1997
|