An difríocht idir athruithe ar: "Theobald Wolfe Tone"

Content deleted Content added
m Filleadh eagarthóireachtaí le 209.94.183.90 (Plé); d'athúsáideadh an athrú seo caite le VolkovBot
Líne 3:
Duine aithnidiúil ar son neamhspleáchas na h[[Éire]]ann ab ea '''Theobald Wolfe Tone''' ([[20 Meitheamh]] [[1763]] - [[19 Samhain]] [[1798]]), ar a dtugtar '''Wolfe Tone''' go minic.
 
==Lianna the nerdSaol ==
Bunaitheoir [[Cumann na nÉireannach Aontaithe|Chumann na nÉireannach Aontaithe]] ab ea Tone. Chaith sé tamall mar mhac léinn i g[[Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath]], agus cháiligh mar dhlíodóir. Ina óige theastaigh uaidh cóilíneacht a bhunú san [[An tAigéan Ciúin|Aigéan Ciúin]] ach ní raibh duine ar bith sásta tacú leis. Dhírigh sé ar pholaitíocht na hÉireann ansin agus bhí an-éileamh ar na paimphléidí a scríobh sé faoi chás na tíre lena linn. Bhí an poblachtánachas ag teacht chun cinn ag an am, agus [[Preispitéireachas|Preispitéirigh]] [[Cúige Uladh|Chúige Uladh]] go háirithe ag teacht faoi thionchar [[Réabhlóid na Fraince]]. Bhí Tone ag agairt ar [[Caitliceachas|Chaitlicigh]], [[Protastúnachas|Protastúnaigh]] agus [[Easaontóir]]í teacht le chéile chun poblacht a bhunú in Éirinn, agus sa bhliain 1791, i gcomhar le [[Thomas Russell]] agus [[Napper Tandy]] agus daoine eile, chuir sé Cumann na nÉireannach Aontaithe ar bun. De réir a chéile tháinig baill na heagraíochta ar an tuairim nach raibh réiteach ar bith ar chás na hÉireann ach poblacht neamhspleách a bhunú le fórsa agus tosaíodh ar chraobhacha den eagraíocht a bhunú ar fud na hÉireann.